An bhfuil Gaeilgeoirí ró-chrua ar pháistí na nGaelscoileanna?

Ciarán Dunbar

Muise, sin na páistí ar ais ar scoil agus tá tuairim is 50,000, nó 5% den líon iomlán, ag foghlaim trí mheán na Gaeilge.

Bhí am ann nuair a bhí Gaeilgeoirí i gcoitinne an-dearfach faoin ‘dul chun cinn’ seo, ag amharc air mar chomhartha dóchais agus mar fhianaise ar fhás na teanga.

Is beag dul chun cinn a rinneadh le 5 bliana anuas áfach, agus níl an meon dearfach sin le mothú a thuilleadh faoin earnáil, cé go bhfuil fás leanúnach ar líon na ndaltaí ó thuaidh agus gur osclaíodh trí bhunscoil úra ó dheas i mbliana, d’ainneoin dhrogall na Roinne Oideachais.

Creideann cuid daoine ó dheas - corr-Ghaeilgeoir san áireamh go fiú - go mbaineann Gaelscoileanna leis an mheánaicme amháin. Ó thuaidh áfach, tá beagnach gach Gaelscoil suite i gceantar lucht oibre.

Ach den chuid is mó, an cáineadh a dhéanann Gaeilgeoirí áirithe faoi Ghaelscoileanna, baineann sé le heaspa dílseachta don teanga i measc iardhaltaí na scoileanna agus leis an ‘droch-chaighdeán’ Gaeilge atá acu.

Caithfidh mé a admháil gur minic a cheistigh mé féin éifeacht na nGaelscoileanna ach bhí cúpla eispéireas agam thar an samhradh a mhaolaigh cuid den amhras sin.

An chéad cheann acu seo ná siúlóid i mBeanna Boirche le páistí áitiúla a bhfuil Gaeilge acu mar chuid d’imeachtaí ‘Aclaí Abú’ á reáchtálann Glór Uachtar Tíre.

Chuaigh sé i bhfeidhm orm go mór cé chomh toilteanach is a bhí na páistí Gaeilge a labhairt agus cé chomh líofa agus cumasach a bhí siad, fiú iad siúd nach raibh clú na Gaeilge orthu.

Dar ndóigh, níor chainteoirí ó dhúchas iad an chuid is mó acu, ach bhí siad dátheangach, níl amhras faoi sin, fiú ó thaobh na foghraíochta de, ní raibh caill ar bith orthu.

Rith sé liom go mbítear an-chrua ar pháistí den chineál seo, páistí den lucht oibre, nach bhfuil Gaeilge sa phobal nó sa bhaile acu – nach orainne mar dhaoine fásta a bheadh an locht dá gcaillfidís an teanga amach anseo?

Ina dhiaidh sin, chuaigh mé siar go Conamara. Gaeltacht bhríomhar atá ann i gcónaí cé gur léir nach raibh déagóirí na háite ag caint na teanga eatarthu féin.

Chuala mé tuismitheoirí ag caint Gaeilge lena cuid páistí go cinnte ach ba phianmhar dom a bheith ag éisteacht le páistí óga ag caint Béarla ar ais leo.

Mhothaigh mé go raibh an Ghaeilge an-láidir ar fad ar an gCeathrú Rua, in Inis Meáin, agus i mBaile na hAbhann.

Chuala mé í a labhairt sa Spidéal agus bhí sé spéisiúil go raibh sí an-láidir i measc na dturasóirí ar an bhaile. Fuair mise seirbhís trí mheán na Gaeilge i ngach áit dála an scéil.

Agus bhí taithí agam ar an Spidéal a thug beagáinín dóchais dom, is é sin gur chaith muid tamall le teaghlach nach de sheanbhunadh na háite iad agus nach labhraíonn an Ghaeilge sa teach.

Mhothaigh mé go raibh Gaeilge den scoth ag clann an tí áfach, Gaeilge na háite, teanga na Gaeltachta, muise d’fhoghlaim mé rudaí uathu.

Arís eile, páistí iomlán dátheangacha a bhí iontu, páistí a bhí sásta Gaeilge a labhairt.

Sin a bhuíoch don naíonra agus don bhunscoil sa Spidéal. Ba léir dom go bhfuil obair iontach á déanamh ag foireann na scoileanna sin – d’ainneoin an cháinte a dhéantar ar scoileanna Gaeltachta.

Seo scoileanna atá ag snámh in aghaidh eas an Bhéarla atá ag teacht amach as cathair na Gaillimhe.

Mo sheacht moladh do na múinteoirí sin, atá ag teagasc i gcúinsí níos cosúla le Gaelscoil ná scoil Ghaeltachta anois faraor.

**

Ach má tá Gaelscoileanna ag déanamh obair mhaith maidir le cainteoirí cumasacha Gaeilge a dhéanamh as Béarlóirí, caithfidh mé a admháil go bhfuil mé in amhras maidir le cé chomh fóirsteanach agus atá siad do pháistí a bhfuil Gaeilge acu cheana, ón teach.

An fhadhb atá ann ná go mbíonn an Ghaeilge chéanna ag na páistí ar fad sa scoil sa deireadh, sin de réir fhianaise mo chluaise.

Bíonn an cumas céanna ag na páistí a bhfuil Gaeilge acu ón bhaile is atá ag páiste nach bhfuil. Níl aon locht ar na scoileanna as an toradh seo, nádúr teangacha atá ann.

Bhí mé ag éisteacht le páistí atá á dtógáil le Gaeilge san iar-Ghaeltacht le déanaí ach nár fhreastail ar Ghaelscoil áfach, agus bhí sí acu gan aon amhras – ba chainteoirí dúchais iad gan cheist.

Rinne a gcuid tuismitheoirí cinneadh gurb fhearr scoil Bhéarla dóibh, cé go raibh Gaelscoil ar fáil, de bhrí go raibh siad ag iarraidh an Ghaeilge mar a thug siad dóibh í a chaomhnú, saor ó thionchar na scoile – nó chun a bheith níos cruinne faoi, saor ó thionchar na bpáistí eile nach bhfuil Gaeilge sa bhaile acu.

Ní féidir liom a shéanadh ach gur tugadh ábhar machnaimh dom.

Close
Close