Ní leor clamhsáin ar Twitter chun an Ghaeltacht a shábháil

Danny Brown

Le seachtain nó dhó, tá na meáin sóisialta i nGaeilge lán de cháineadh agus de dhéistin ar chúpla cúis faoi Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta. An chéad chúis ná nach bhfuil sé líofa go leor sa Ghaeilge agus ansin d'eisigh sé tvuít a bhí dothuigthe agus bhíothas á rá gur aistríodh é ag Google Translate nó a mhacasamhail.

Aontaím leis na gearáin seo uilig agus déarfainn fosta gur amaideach an rud é go gcaithfidh státseirbhísigh i Roinn na Gaeltachta agus in Údarás na Gaeltachta tuairisí a aistriú go Béarla nó cruinnithe a reáchtáil i mBéarla ar mhaithe le hAire nach bhfuil a shá Gaeilge aige ag am go bhfuiltear ag dréim le pobal na Gaeltachta ardú céime a thabhairt don teanga ina gceantar féin.

Ach an bhfuil sé féaráilte cumas sa Ghaeilge a úsáid mar shlat tomhais ar éifeacht Aire Gaeltachta?

Tá a fhios ag an stát go bhfuil géarchéim uafásach sa Ghaeltacht agus go bhfuil gach seans ann nach mairfidh sí níos mó ná glúin nó dhó eile. Deimhníodh sin nuair a foilsíodh Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht sa bhliain 2007.

Bhí Gael mór le rá agus TD a bhí ina chónaí sa Ghaeltacht, Éamonn Ó Cuív, ina Aire Gaeltachta an t-am sin. Bhí sé ina aire go fóill nuair a gearradh buiséad Údarás na Gaeltachta ó €25.5 milliún in 2008 go dtí €18 milliún in 2010. Bhí sé ina Aire chomh maith nuair a foilsíodh an Straitéis Fiche Bliain in 2010. Tá muid leathbhealach fríd an téarma straitéise agus an bhfuil duine ar bith ag caint air anois?

Bhí fear Gaeltachta, Dinny McGinley, i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta in 2011 nuair a gearradh an buiséad arís ó €18 milliún go dtí €6 mhilliún. Ba le linn thréimhse McGinley fosta a cuireadh deireadh le toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta agus go ndearnadh bagairt urlabhraí Ghuth na Gaeltachta a bhriseadh as a phost.

Tháinig Joe McHugh mar chomharba ar McGinley agus rinneadh go leor agóidí faoi nach raibh a dhóthain Gaeilge aige. Dúirt Joe go raibh sé ag gabháil ar "aistear teanga" agus d'iarr sé orainn a bheith leis. Caidé an mhaith a rinne an t-aistear sin don Ghaeltacht?
I ndiaidh McHugh, fuair muid Seán Kyne, an fear a shéan go raibh géarchéim sa Ghaeltacht. I dtrátha an ama sin, bhí cruinniú den Chomhaireacht i nGleann Cholmcille agus dúradh go mbeadh fógra faoi chur chun tosaigh Acht Teanga, rud a gealladh le blianta. Níor tharla sé.

Bhog mé féin a chónaí i nGaeltacht Dhún na nGall in 2004 agus chonaic mé an tóin ag titim as an cheantar seo. Níl cuntas agam ar an méid jabanna a cailleadh i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Druideadh beagnach gach ostán sa cheantar ag an am céanna go raibh an bord turasóireachta ag lainseáil Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Chum an stát rialacha úra maidir le seirbhísí poist agus druideadh cúig Oifig Poist. Níl an t-airgead ag an Chomhairle Contae le tithíocht shóisialta a thógáil agus tá na daoine óga ag imeacht as an Ghaeltacht ina slóite.

Ó bunaíodh an stát, rinne achan pháirtí a bhí mar chuid de rialtas neamart ar an Ghaeltacht. Níor athraigh rudaí go dtí gur sheas muintir Chonamara suas dá gceantar agus gur bhunaigh siad Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Tá rudaí ar eolas againn anois nach raibh ar eolas acusan. Tuigeann muid go bhfuil géarchéim uafásach sa Ghaeltacht agus nach mairfidh sí ach cúpla glúin eile muna dtarlaíonn athruithe bunúsacha. Tá gá le gluaiseacht eile bunaithe sa Ghaeltacht a bhfuil éilimh aontaithe acu agus na héilimh sin a chur os comhar an rialtais.

Ar an drochuair, ní fheicim comhartha ar bith go bhfuil a leithéid de ghluaiseacht ar na gaorthaibh. Tá súil agam go bhfuil mé contráilte mar seo an seasamh deireanach a bheas ag an Ghaeltacht. Nuair a imíonn sí, ní bheidh sí ag teacht ar ais.
Agus beidh sé ró-mhall le bheith ag tabhairt amach fá pholaiteoirí ar Twitter.

Close
Close