Moltaí le teacht slán as an Nollaig

Katie McGreal

Is am deacair í an Nollaig do go leor daoine, ar neart cúiseanna. Bíonn daoine uaigneach, tagann smaointe faoi dhaoine nach bhfuil linn níos mó chun cuimhne, bíonn brú orainn a bheith sóisialta agus freastal ar an-chuid imeachtaí agus cóisirí, cuirtear brú orainn a bheith thart ar dhaoine nach réitímid go rómhaith leo uaireanta agus araile.

Deir na fógraí agus na hamhráin gurb é seo an t-am is fearr den bhliain ach ní sin mar atá ag gach duine. An moladh is mó atá feicthe agam ar líne do dhaoine ná gan iasachtaí a fháil le bronntanais a cheannach, agus gur féidir grá a léiriú ar bhealaí nach gcosnaíonn pingin.

In imeacht na mblianta, tá mé féin i ndiaidh teacht ar cúpla bealach le mé féin a choinneáil sochar agus go maith le linn na tréimhse seo. Seo chugaibh cuid acu:

- Bíonn a fhios agam go mbeidh mé sa bhaile ar feadh cúpla lá le linn na tréimhse agus go mbeidh daoine thart orm i rith an ama. Níl mé go maith aige sin agus mar sin bíonn leabhar maith liom i gcónaí (ar eagla nach mbeidh ceann nua ann dom Lá Nollag) le gur féidir liom éalú nuair is gá.

- Le linn na bliana, gach maidin bím ag scríobh i ndialann, rud a chabhraíonn liom smaointe a ghlanadh ó m’intinn agus ansin caithim 20 nóiméad i gciúnas ag díriú ar an análú. Déanaim cinnte de go mbíonn ar a laghad ceann amháin de na rudaí sin ar siúl agam thar thréimhse na Nollag le go mothóidh mé níos fearr.

- Bíonn orm a bheith thart ar dhaoine nach réitím go maith leo le linn na Nollag agus an rud is mó a chabhraíonn liom leis sin ná an bealach a raibh mé ag smaoineamh air a athrú. Is é sin in ionad smaoineamh go bhfuil dualgas orm seo, sin nó eile a dhéanamh, deirim liom féin go bhfuil mé ag cinneadh ar é a dhéanamh. Leis an athrú meoin sin, mothaím níos cumhachtaí agus go bhfuil níos mó smachta agam ar rudaí. Má dhéanann tú cinneadh amháin, tá sé chomh furasta a mhalairt de chinneadh a dhéanamh freisin.  

- Anuas air sin, déanaim cinnte de go bhfuil cúpla tráthnóna nó oíche socraithe agam le cairde, daoine a bhfuil mé mór leo agus a réitím go maith leo le briseadh a thabhairt dom féin ó na himeachtaí sóisialta nach mbainim an méid céanna suilt astu.

Is féidir leis an Nollaig a bheith strusmhar ach an rud is tábhachtaí le cuimhneamh air ná nach dtarlaíonn sé ach uair sa bhliain agus beidh sé imithe gan mhoill, más rud maith nó olc é sin duitse, sin mar a bheidh sé!

Close
Close