Géarchéim na hÚcráine: Tá sé róluath a rá cad atá ag tarlú i ndáiríre ar an talamh agus cé chomh créachtaithe atá an Rúis

Ciarán Dunbar

Ní féidir a bheith cinnte cad atá ag tarlú tar éis dhá mhí de chogaíocht, tá an staid reatha agus cuid mhaith den fhírinne ceilte ag mearbhall, sceimhle, agus scrios.

Ina theannta sin, tá meaisíní bolscaireachta éifeachtacha ar gach taobh ag obair de ló is d’oíche ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta chun leagan s’acu féin d’imeachtaí a chur in iúl.

Cogadh cosanta atá ann dar le gach taobh, fiú don taobh a rinne an t-ollionsaí sa chéad dul síos.

Chuir an Úcráin di céad-ionradh na Rúise, ní féidir le bolscaireacht ar bith sin a chur i gceilt. Ba chosúil go raibh na Rúisigh gafa le fadhbanna lóistíochta agus in amanna gafa sa láib féin go díreach – agus iad faoi ionsaí ag saighdiúirí Úcránacha a bhí armtha agus ullmhaithe go maith.

Tá an cath tar éis bogadh go dtí an Donbas in oirthear na hÚcráine agus is dócha go mbogfaidh sé ar aghaidh go Odessa de réir a chéile.

‘An Rúis Nua’

De réir na mbeartas catha atá á gcraoladh go hoscailte ar theilifís na Rúise, ba mhaith leo nach mbeadh rochtain ag an Úcráin ar an Mhuir Dhubh.

‘An Rúis Nua’ is aidhm leis an chogadh de réir na bhfoinsí seo – go bunúsach, bheadh an leath sin den Úcráin ó dheas agus san oirthear faoi smacht na Rúise – bheadh an chuid eile ina stáit satailíte.

Ach tá idir fhir agus threalamh caillte ag an Rúis ag leibhéal nach bhfacthas ó bhí an dara cogadh domhanda ann.

Bhí orthu dul i mbun bhuamáil airtléire ar na cathracha, teaicticí sách difriúil ón straitéis ‘Shock and Awe’ a d’úsáid SAM agus an RA san ionradh a rinne siad ar an Iaráic. Níl an t-idirdhealú sin ábhartha dóibh siúd a fhaigheann bás ar ndóigh.

An bhféadfadh sé nach raibh na hairm ‘chliste’ ag an Rúis a theastaíonn le haghaidh feachtais fhada?

Mar sin féin, chun anailís an fhealsaimh mhíleata Carl von Clausewitz a úsáid, ní mór dúinn cuimhneamh go bhfuil an Úcráin agus an Rúis ag troid cineálacha cogaidh atá an-difriúil óna chéile.

Tá an Úcráin ag troid ‘cogadh iomlán’, ar a críoch féin, ina cathracha féin, ag slógadh a cuid fórsaí armtha ar fad agus a daonra fireannach ar fad, a cuid sibhialtaigh ag teitheadh nuair is féidir, agus tá a geilleagar ina stop.

An cogadh TikTok

Tá trealamh den scoth á chur ar fáil di áfach, trealamh atá deartha go sonrach chun eitlíocht agus armúr na Rúise a scrios. Ní bheidh ar mhonaróirí arm an Iarthair a gcuid earraí a chur chun cinn ar feadh tamaill, tá a n-éifeachtacht le feiceáil ar TikTok.

Ar an lámh eile, tá an Rúis i mbun feachtas teoranta go dtí seo, “oibríocht mhíleata speisialta” más mian leat. Is féidir go roghnóidh Moscó a neart iomlán a chaitheamh isteach sa troid seo amach anseo, lena n-áirítear saighdiúirí óga coinscríofa.

Go soiniciúil, beidh na Stáit Bhaltacha, an Mholdóiv, an tSeoirsia, agus fiú an Pholainn agus an Fhionlainn ag súil go bhféadfaidh na hÚcránaigh dochar chomh dona sin a dhéanamh ar fhórsaí Putin nach mbeidh an neart aige leanúint ar aghaidh siar go ceann glúin eile, fiú má éiríonn leis an Úcráin ar fad a chur faoi chois.

Mar sin féin, níl a fhios againn cé mhéad dochar atá déanta do mheaisín cogaidh na Rúise i ndáiríre.

Ar ndóigh, ghabh an Rúis thart ar 20% de chríoch na hÚcráine sular tharraing siad siar ó thuaisceart na tíre, cé gur chaill siad i bhfad níos mó saighdiúirí ná mar a bhíothas ag súil leis.

Putin

Tá tacaíocht ollmhór ag Putin dá fheachtas, is cosúil go gcreideann pobal na Rúise go bhfuil siad ag saoradh na hÚcráine ó na Naitsithe, seans go n-inseoidh saighdiúirí a fhilleann ón bhfronta scéal eile - go bhfuiltear ag troid go láidir ina gcoinne, fiú i gcodanna den Úcráin ina labhraítear Rúisis go príomha.

Tá Putin féin soiléir, is cuid den Rúis í an Úcráin, dar leis. Agus is léir go bhfuil an-tacaíocht ann do ‘Rúis Mhór’ agus go bhfuil tromlach mhuintir na Rúise ar son an Úcráin a ghlacadh isteach sa Rúis, go foréigneach más gá.

Beidh le feiceáil an sásóidh an Úcráin mianta náisiúnaithe na Rúise, ní chreideann rialtais na dtíortha Baltacha, na Polainne nó na Fionlainne gurbh amhlaidh a bheadh sé.

Arís, tá sé deacair a bheith lánchinnte faoi rud ar bith, ach ní cosúil go bhfuil na saighdiúirí Rúiseacha sin ullmhaithe i gceart chun troid i gcoinne namhaid diongbháilte atá ullamh chun cathracha a chosaint.

Tagann céatadán an-ard d’arm Putin ó thailte a chuir an Rúis faoi chois fadó, ar nós Thúva agus na Dagastáine.

Bochtaineacht a spreag iad a dhul isteach san arm seachas tírghrá don Rúis, ach léiríonn an stair gur féidir lena leithéid a throid go fíochmhar má tá na cúinsí cearta ann.

Mar sin féin, d’iarr an Rúis ar Sheisniagh cathair Mariupol a chur faoi chois, in am a scríofa, bhí teip orthu sin a dhéanamh.

Throid na Seisniagh go fíochmhar i gcoinne na Rúise ar feadh i bhfad, rud a chuir iachall ar an Rúis iad a chur faoi chois go brúidiúil agus cathair Grozny a leagan go talamh – ba é umhlaíocht na Seisniach an toradh deiridh a bhí air sin – scéal a chuireann briseadh na nGael in Albain in éis chath Chúil Lodair i gcuimhne dom.

Ar an lámh eile, bhí an chuma ar an scéal go raibh ar an Úcráin iompú ar an choinscríobh agus ar iarrachtaí buachaillí agus seanfhir a thiontú ina saighdiúirí. Léiríonn stair mhíleata go bhfuil luach an-teoranta ag trúpaí den sórt sin, ach amháin b'fhéidir i gcosaint statach.

Neart rúnda na hÚcráine

Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil scoth na saighdiúirí, agus fórsaí speisialta san Úcráin nach raibh Moscó ar an eolas fúthu. Is iad siúd a bhuaigh cath Chív seachas sibhialtaigh armtha dar le annálaithe míleata.

Bhí neart míleata ag an Úcráin nárbh léir don domhain é – bhí siad ag ullmhú d’ionradh na Rúise le fada an lá.

Ní féidir leis an Úcráin ionradh a dhéanamh ar an Rúis féin áfach, ná fiú na críocha atá caillte aici a bhuachan ar ais, in ainneoin na cosanta oilte a rinneadh go dtí seo.

Mar sin féin, cé nach bhfuil a fhios againn cé mhéad acmhainn atá fágtha san Úcráin, tá a fhios againn go bhfuil siad ag troid ar son a dtíre, a gcultúir, a dteanga, a n-ailtireachta agus a neamhspleáchas polaitiúil, rudaí iad siúd a bhfuil sé léirithe ag an gcine daonna go bhfuil siad sásta bás a fháil ar a son – sin an t-arm is cumhachtaí ag arm ar bith ag am ar bith.

Léiríonn an cogadh san Afganastáin, agus bua an Talaban, arís eile gur féidir leis an arm atá toilteanach bás a fháil ag troid ar a chríoch féin lámh in uachtar a fháil ar arm níos láidre má chuireann saighdiúirí an airm sin luach níos mó acu ar a saolta féin ná ar an chúis pholaitiúil a mbíonn siad ag troid ar a son. Is é sin an fachtóir cinntitheach san fhadtéarma.

Bhí cainteanna síochána ann ach beidh tuilleadh cainteanna amach anseo ach ní bheidh toradh acu go dtí go mothóidh taobh amháin gur chaill siad – níor tháinig an lá sin go fóill.

Taispeánann an stair nach go dtabharfaidh ceachtar den dá thaobh suas a ndóthain san idirbheartaíocht síochána chun beart a chur i bhfeidhm chomh fada agus nár buaileadh gonc cinntitheach ar bhlár an chatha orthu a d’athródh an réaltacht pholaitiúil ar an talamh.

Tá éilimh na Rúise maidir le ‘dí-Naitsíú', ‘dímhíleatú’, géilleadh foirmiúil na Crimé agus an Donbas, agus geallúint ón Úcráin go mbeidh siad 'neodrach' (mar atá anois go héifeachtach) amach anseo an-mhí-réalaíoch i bhfianaise réaltachtaí an chatha.

Tá a fhios ag an Úcráin nach féidir léi troid go deo ach i bhfianaise ar tharla go dtí seo ní ghéillfidh sí agus ní thabharfaidh sí suas talamh ar bith dá cuid, toisc nár éirigh leis an Rúis a toil pholaitiúil a chur i bhfeidhm orthu.

Idir an dá linn, leanfaidh saighdiúirí agus sibhialtaigh ag fáil bháis, agus leanfaidh cathracha ag dó, is é sin nádúr na cogaíochta - rud a chuir an Eoraip ar thíortha eile ach nár fhulaing sí féin le fada an lá.

Ní fios más é seo tús an Tríú Cogadh Domhanda agus is cinnte gur tús le cogadh fuar nua é.

Close
Close