Conallach cróga ar ais ar an stiúir

Fearghal Mag Uiginn

Ábhar bróid is lúcháire é ag muintir Dhún na nGall gur ceapadh Jim McGuinness seacht lá ó shin mar bhainisteoir peile na contae - don dara huair. Ábhar iontais fiú.

Is cinneadh é a spreagfaidh fréamhacha an dóchais teacht an Earraigh is a mhúsclóidh cuimhní agus comhrá idir an dá linn. Suaimhneas geimhridh sa dúiche mhór Ghaelach, áit a raibh míshuaimhneas an tsamhraidh ina chnámh spáirne, agus nimh inti.

Mar sin de, tá crógacht nach beag ag baint leis an chinneadh atá déanta ag fear Naomh Conaill. D’fhág sé a oidhreacht peile ar an chontae cheana féin idir 2011 agus 2014. Níl a dhath le cruthú aige mar bhainisteoir ach seo anois é toilteanach tabhairt faoi fhoireann eile a mhúnlú.

Léiríonn a chinneadh crógacht, aibíocht agus an bhá atá aige lena dhúchas féin. Agus ‘slánaitheoir’ de dhíobháil ar Bhord na Contae, is léir go bhfuil sé sásta na híobairtí a bhaineann leis an ról a dhéanamh nó a fhulaingt ar mhaithe le peil is le peileadóirí Dhún na nGall. Ar mhaithe lena phobal féin.

Agus sin ráite, creidim gur mó i bhfad an dúshlán atá roimhe anois ná mar a bhí thiar sa tréimhse glórmhar sin nuair a bhí Mícheál Ó Murchú ag teacht i gcrann.  

Faoi stiúir Jim féin, bhí Dún na nGall i ndiaidh Craobh Uladh faoi bhliain is fiche a bhaint den chéad uair le cúig bliana déag, sa bhliain 2010. Scóráil Ó Murchú 1-5 sa chluiche ceannais. Rinne Jim captaen sinsir de an bhliain dár gcionn agus bhain Dún na nGall Craobh Uladh den chéad uair le naoi mbliana déag. Níor éirigh le Dún na nGall Craobh Peile Uladh a bhaint dhá bhliain as a chéile go dtí gur tháinig McGuinness agus rinneadh an beart in 2011 agus 2012.

Cad é mar is féidir le Jim McGuinness an tréimhse sin a shárú? Trí Chraobh Uladh bainte taobh istigh de cheithre bliana, dhá chluiche ceannais na hÉireann bainte amach agus, ar ndóigh, bua iomriteach, stairiúil Sam sa bhliain 2012.

Ach is Conallach cróga é atá toilteanach tabhairt faoi in am an ghá agus tá sé le moladh dá réir, creidim féin. Creideann muintir Dhún na nGall ann agus creideann na peileadóirí ann agus is iontach an tionchar a bhíonn ag an chreideamh, ar achan dóigh.  

Ach tá cúpla mórcheist ann chomh maith – an bhfuil cur chuige úr ar bith faoina ascaill aige an iarraidh seo le buntáiste a thabhairt dó, mar a déarfá. Tá an chuid eile den tír go fóill beo ar na cleasa a thug sé leis an chéad uair! An aclaíocht dhochreidte, an chosaint dhocht dhaingean agus an t-ionsaí faoi ardluas. An bhfuil seifteanna cliste sacair ina sheilbh?

Mórcheist eile – an bhfuil an cumas sna peileadóirí? Dá mba rud é gur shíl Jim nach raibh, ní ghlacfadh sé leis an dúshlán ach ní dóigh liom go bhfuil fuascailt iomlán na ceiste sin ann go fóill ná aige féin.

Is tráthúil mar sin Luke Barrett a bheith ar an fhoireann bainistíochta, fear a bhfuil cur amach iontach aige ar an dream óg atá ag bláthú. Nuair a chuireann tú an taithí atá ag Niall Mag Aoidh agus ag Colm Mac Pháidín leis an eolas sin agus le gaois McGuinness féin, tá tús breá ann.

Agus ní miste an ré úr a thoiseacht i Roinn 2, mar a rinne ag dul siar, rud a thabharfaidh deiseanna maithe foghlama don chuid is óige den fhoireann. Tá cnámh droma ann gan amhras, nach bhfuil gan taithí – Seán Ó Peatáin, Breandán Mac Giolla Comhaill, Eoghan Bán, Caolán Mac Colgain, Stiofán Mac Meanman, Ciarán Mac Thomáis, Caolán Mac Congail, Mícheál Ó Langáin, Iasán Mag Aoidh, Peadar Ó Mocháin, Pádraig Mac Briartaigh agus Oisín Ó Galláin.

Láithreach bonn bíonn cathú ann comparáid a dhéanamh idir an cumas sin agus cumas na foirne faoi stiúir Jim sa bhliain 2012 ach ní sin an meon atá ag buaiteoir cosúil le McGuinness. Do bharúil go ndearna sé comparáid le foireann 1992 agus é i mbun oibre an chéad uair mar bhainisteoir? Is beag an baol.

Seo tógra ann féin agus tá spriocanna úra i gceist. Tá conradh trí bliana aige mar thús agus tá an ceathrú bliain roghnach. Cad iad na spriocanna mar sin?  

Is cinnte gur mhaith leis Roinn 1 a bhaint amach agus áit sna grúpaí a chinntiú ach tá córas úr ar fad craoibhe ann anois ó bhí McGuinness i réim roimhe. An dtiocfadh dó go ndéanfadh sé neamhaird de Chraobh Uladh, a bhfuil ísliú céime tugtha di, rud a chuirfeadh ar chumas na foirne díriú ar an neartú is ar an aclú le go mbainfear barr cumais amach idir Bealtaine agus Iúil go ceann trí bliana?

An mbeidh na Conallaigh féin foighdeach leis an Chonallach cróga? An dtuigtear go bhfuil sé le leas na peile sa chontae go fadtéarmach, gur droichead é idir an easpa dóchais a bhí ann le bliain agus todhchaí nach bhfuil chomh briosc?

Idir seo agus fuascailt na gceisteanna, ní dóiche go dtiocfadh le Fearghas Mag Aoidh, cathaoirleach na contae, is a mheitheal oibre duine níba oilte a cheapadh ná Jim McGuinness.  

An bhua is fearr ag Dún na nGall i mbliana.

Close
Close