Ceachtanna Saoil ón Eoraifís...

Michaeline Donnelly

I dteach s’againne, is institiúid é an Comórtas Eoraifíse, cosúil le bheith ag amharc ar an Late Late Show oíche Aoine, nó, abair, ar Óráid Bhanríon Shasana um Nollaig :-P

Gach bliain, tagaim féin is mo thuismitheoirí le chéile le hamharc air, agus sea, le breithiúnas a dhéanamh ar an cheol, ar na vótaí, agus ar ndóigh ar na héadaí!

Ach taobh amuigh den ionróir ardáin, na cultacha craiceáilte agus an greadadh a fhaigheann an Ríocht Aontaithe bliain i ndiaidh bliana, is ceiliúradh é an comórtas ar gach rud atá go maith faoin Eoraip agus faoin saol - ar an ghrá, ar an spraoi, ar an chruthaitheacht, ar an phaisean, agus ar ar féidir a bhaint amach nuair a oibríonn daoine le chéile.

Mar sin seo cúig rud atá foghlamtha agam ó Chomórtas na bliana seo:

  • Tá sé ceart go leor seasamh suas do rud a gcreideann tú ann.

Ní thig liom gan an chonspóid a bhaineann leis na damhsóirí Éireannacha a lua.

Chuir lucht eagraithe na hEoraifíse deireadh le conradh an Chraoltóra Shínigh Mango TV i ndiaidh dóibh diúltú d’iontráil na hÉireann a chraoladh, iontráil a thaispeáin caidreamh aerach, rud atá in éadan rialacha cinsireachta na Síne.

Cé go bhfuil an Comórtas Eoraifíse mar shiombail ar bhealach don phobal LADT ar fud na háite, ar an drochuair, is iomaí áit san Eoraip ina bhfuil leatrom á dhéanamh ar chearta an phobail sin.

Lena cheart a thabhairt d'Aontas Craolacháin na hEorpa, agus mar a dúirt Ryan O’Shaughnessy, ní cinneadh furasta a ghlac siad, ach sheas siad an fód.

I measc na n-amhrán eile a raibh teachtaireacht dhairíre leo, bhí iontráil na Fraince, a d’inis scéal Mercy, cailín beag a tháinig ar an tsaol ar long a bhí ag tarrtháil imirceach ón Mheánmhuir.

Dúirt an príomhamhránaí go bhfuil an babaí mar ‘chomhartha dóchais in áit gan dóchas’, rud éigin atá de dhíth i laethanta Trump, Brexit srl.

  • Éagsúlacht

Duine ar bith a amharcann ar an Chomórtas go rialta, aontaíonn siad go bhfuil an éagsúlacht ar an ghné is fearr den rud ar fad.

Cén comórtas eile ina mbeadh an bua ag leithéidí Hard Rock Hallelujah le Lordi, nó ag Conchita Wurst, bean na féasóige?

Tugann an Eoraifís le fios chomh maith díreach chomh suibiachtúil atá cúrsaí ceoil.

An bhfuil a leithéid ann agus amhrán maith nó drochamhrán sa Chomórtas?

Caithfidh mé a rá nach raibh mé féin róghafa le hiontráil Iosrael, ach mar a dúirt Netta féin ina hóráid, "Vótáíl daoine ar son na héagsúlachta".

Cé gur eascair raic pholaitiúil as an mhéid a dúirt sí faoi Iarúsailéim ina dhiaidh sin, is san éagsúlacht sin ba chóir dúinn a bheith aontaithe.

  • Déan dearmad faoi ag iarraidh a bheith cool

I ndomhan ina bhfuil muid gafa le líon na leantóirí agus na likes, mothaím go bhfuil cuid mhór daoine roghnóthach ag iarraidh an seat foirfe a fháil do na meáin shóisialta in amanna go ndéantar dearmad cén dóigh le spraoi ceart a bheith againn.

Cibé rud eile is féidir a rá faoin Eoraifís, tá craic agus spraoi dochreidte ag baint leis.

Amharc ar an oiread craic a bhí ag iontráil na Moldóive le cúpla cófra as IKEA - an raibh siadsan róbhuartha faoi bheith cool?

Ní shílim é.

  • Ní neart go cur le chéile

Mothaím in amanna go bhfuil muid ag maireachtáil i dtréimhse ama nuair atá sochaí scoilte ar achan bhealach, ach cuireann an Eoraifís i gcuimhne dúinn go bhfuil muid aontaithe, agus go bhfuil muid níos láidre le chéile.

Ar ndóigh, ba mhaith le gach iomaitheoir an bua a bheith acu, ach tuigeann siad go bhfuil siad ansin ar mhaithe le seó den chéad scoth a chur le chéile do na milliúin duine.

  • Tá sé ceart go leor gan an bua a bheith agat! 

Éire bhocht.

Seo an chéad bhliain a fuair muid fríd chuig na príomhchomórtais Eoraifíse le cúig bliana anuas, agus cé go raibh sé tuartha go ndéanfadh muid go maith, níor éirigh le Ryan O’Shaughnessy ach an 16ú áit a fháil as 43 iontráil.

Dúirt sé féin nach dtiocfadh leis a bheith níos bródúla as bheith ina Éireannach, agus ag deireadh an lae, nárbh é sin an rud is tábhachtaí?

Agus muid ar an tír is rathúla sa chomórtas riamh, is cinnte go mbeidh muid ar ais ar an bhliain seo chugainn, chomh paiseanta agus cruthaitheach is a bhí riamh.

Agus thiocfadh linn ar fad ceacht a fhoghlaim uaidh sin!

Close
Close