“Caithfidh mé...”

Naoise Ó Cairealláin

Iarradh orm alt a scríobh faoi ábhar iomlán éagsúil agus a bhí measartha suimúil.

Like shíl mé, “cinnte déanfaidh mé sin, cúpla seanfhocal anseo is ansiúd, déanta!”

Ach ansin dúirt mé liom féin gur gá dom é a dheánamh, like caithfidh mé sin a dhéanamh.

Agus ansin, sure ní dhearna mé é ar chor ar bith. 

Agus a chairde Gael, níl ionamsa ach gnáthdhuine, gnáthdhuine ag streachailt leis sa chéad domhan le fadhb: an mhoilleadóireacht.

Is damanta an mac é an mhoilleadóiracht.

Gheobhaidh sé fíneál duit gan pionós a íoc in am; bronnfaidh sé drochmharc duit don aiste sin ar an ollscoil; déanfaidh sé déarmad tú a bhailiú ón teach don phictúrlann... ó, ní hé, GML, sin m’athair.

Ach ní hamháin sin cuirfidh an mhoilleadóireacht bac ort alt a scríobh.

Mar a tharla domsa an tseachtain seo agus thosaigh mé ar an alt seo in ionad.

(B’fhéidir gur moilleadóireacht é an t-alt seo? Léigí m'alt an tseachtain seo chugainn le fáil amach...)

Ar scor ar bith, is é an mhoilleadóireacht ba chúis leis an alt seo ag deireadh an lae.

Bhí mé le halt a scríobh an tseachtain ar fad agus mhothaigh mé mé féin a rá “Caithfidh mé an t-alt sin a dhéanamh”.

Bhí a fhios agam nach raibh mé ag dul a chur tús leis, ach déarfainn é liom féin arís agus arís eile.

Agus ansin nuair nach ndéanaim é, mothaím sort bun os cionn.

Diabhal rud, cad chuige nach ndearna mé sin?

Ach ansin breacaim liosta beag ‘le déanamh’ i mo leabhar nótaí, cuirim ar an liosta é agus mothaím níos fear arís.

Búm. Socruithe.

Ach ní réitíonn sin é go fadtéarmach, beidh orm liosta úr ‘le déanamh’ a scríobh gach uile lá.

B’fhéidir nach bhfuil réiteach fadtéarmach ann fiú amháin.

Beidh sé liom go deo, cosúil leis an am sin ar theip orm i mo scrúdú do Ghrád 6 ar an fheadóg mhór. Fíorscéal.

Léigh mé ar chúl briosca Penguin uair amháin, “ní féidir aon rud a athrú ach do mheon, ach athraíonn sin chuile rud”.

Agus nach é a bhí ceart.

Aon uair ar mhothaigh mé gur gá rud éigin a dhéanamh - nuair a deirim “caithfidh mé é a dhéanamh” liom féin - baintear an sult ar shiúl ón ghníomh atá le déanamh.

Ar nós íoc as an M50, ní maith le duine ar bith sin.

Sin é, caithfidh mé nó ba mhaith liom (an bhfaca tú sin?) iarracht a dhéanamh gan “caithfidh mé” nó “is gá dom” a rá.

Mothaíonn sé mar ualach sa bhreis ort chomh luath a deirim é.

Ba chóir go mbeadh sé pléisiúrtha alt a scríobh nó línte s’agam a léamh don dráma a bhí ar siúl agam.

Mar sin féin, seans go mbaineann mo chuid moilleadóireachta leis an eagla atá orm go dteipfidh orm.

B’fhéidir go bhfuil mé ag lorg leithscéil i bhfatíos go dteipfeadh orm.

“Ah, bhuel ya see, ní raibh ach oíche amháin agam sin a scríobh...”

B’fhéidir gur gléas cosanta é an mhoilleadóireacht atá ag m'ego, do mo chosaint ón teip agus náire agus ansin do mo mholadh nuair a éiríonn liom.

“Dá dtosóinn ar an alt seo an tseachtain seo caite bheadh sé seacht n-oiread níos fearr.”

B’fhéidir gur sin atá ann ach cén bhaint atá agatsa leis ar scor ar bith?

Caithfidh mé dul agus an t-alt sin a thoiseacht.

Close
Close