Breac síos do chuid spriocanna, agus na mothúcháin a théann leo

Katie McGreal

Táimid uilig cleachta le bheith ag scríobh síos liosta rudaí atá le déanamh againn.

Is iomaí uair a bhain mé rud éigin den liosta díreach le trí rud eile le cur leis. Tá a fhios againn ar fad go mbíonn rudaí le cur i gcrích againn lenár gcuid spriocanna a bhaint amach ach céard faoi conas is mian linn mothú?

Cuir i gcás go bhfuil carr nua uait - tuigeann tú mar sin gur gá duit méid áirithe airgid a shábháil, rud a chiallaíonn nach bhfuil tú in ann dul amach gach deireadh seachtaine. Ach conas ba mhaith leat mothú nuair a bheidh an carr nua sin agat?

In ionad tuilleadh rudaí a chur ar an liosta le déanamh, céard faoi má smaoinaíonn muid ar na cineálacha mothúchán ba mhaith linn a bheith againn?

Ag tús na míosa seo caite bhí mé ag smaoineamh gur mhaith liom a bheith níos deise dom féin le go mothóinn níos sásta. Scríobh mé síos é áit éigin agus ansin rinne mé glan dearmad air.

Tháinig mé ar an nóta sin arís ag tús na míosa seo agus níor chreid mé é. Nuair a smaoinigh mé siar ar an mí bhí mé i bhfad níos deise dom féin - tharla rud nach raibh deas agus lig mé dom féin a bheith brónach faoi (rud nach ndéanaim de ghnáth!).

Fuair mé seisiún suathaireachta mar go raibh mé á iarraidh, d'fhan mé in óstán ar an gcúis chéanna. Má tá tuairim agat céard atá uait as an mí/seachtain/lá go ginearálta: cén mothúchán ba mhaith leat a bhaineann le rud ar leith ba mhaith leat a bhaint amach, scríobh síos in áit éigin é - is cuma cén áit - agus fan go bhfeice tú céard a tharlóidh.

Fiú muna bhfuil muid dírithe ar na rudaí seo go comhfhiosach, dealraíonn sé go mbíonn ár n-intinn ag obair air go fo-chomhfhiosach agus tá seans ann go dtarlóidh sé ar an ábhar go bhfuil tú i ndiaidh a aithint gur sin an rud atá uait.

Fadhb mhór atá ag i bhfad barraíocht againn ná nach bhfuil a fhios againn céard atá uainn. Más féidir linn sin a aithint ar dtús beimid leathbhealach ann!

Close
Close