Bliain úr, rún úr?

Katie McGreal

Má leanann muid an féilire a úsáidtear de ghnáth sa saol seo, tosaíonn an bhliain nua ar an gcéad lá de mhí Eanáir.

Sin lár an gheimhridh agus, mar sin, drocham le haon rún úr a thosú. Tá na laethanta go fóill gearr, ní bhíonn an aimsir rómhaith agus bíonn sé níos deacra éirí as an leaba gan trácht ar éirí le haclaíocht a dhéanamh nó bricfeasta a ithe nach bhfuil mórán dúil agat ann ach atá ceaptha a bheith sláintiúil.

Má bhreathnaíonn tú thart ort, níl aon rud sa nádúr beo ag an am seo bliana (nó ní ceart dó a bheith!) mar is am é seo le sos a thógáil agus le bheith níos ciúine. Muna raibh solas leictreach againn ní bheadh rogha againn ach níos lú a dhéanamh. Tá soilse againn áfach, bíonn deacrachtaí ag cuid againn difear a aithint idir muid féin agus an obair agus leanann muid ar aghaidh ag déanamh níos mó agus ag cur níos mó brú orainn féin dá réir. Is ainmhithe muid, is daoine daonna muid agus ciallaíonn sin gur gá dúinn sosanna a thógáil.

B’fhéidir gur maith leatsa rudaí nua a thosú i mí Eanáir, b’fhéidir go bhfeileann sé duit agus, más amhlaidh an scéal, tá sé sin iontach! Ach déan cinnte de go dtógann tú rudaí go mall am éigin eile sa bhliain. Muna gcuireann muid am i leataobh le sos a thógáil, tiocfaidh muid ar rud éigin le déanamh agus ní bheidh sos ar bith againn. Sin an saol sa domhan caipitleach seo agus sin an rud a tharlaíonn domsa - sin an fáth a bhfuil plean agam laethanta saoire seachtaine a thógáil an samhradh seo.

Is maith liom an t-am seo bliana le breathnú siar ar céard a thit amach le bliain anuas agus le breathnú chun cinn ar céard ba mhaith liom a bhaint amach sa chéad 12 mhí eile – ní dheachaigh mé ar saoire i mbliana agus mar sin níor thóg mé sos ceart. Sin athrú is maith liom a dhéanamh i mbliana. Má tá tú ag iarraidh rud nua a thosú is am maith é an t-earrach leis an deis is fearr a thabhairt duit féin. San earrach tá na laethanta ag éirí níos faide agus an aimsir níos boige. Feiceann tú na bláthanna agus duilleoga ar fad ag teacht amach arís. Tá siad réidh le bláthú mar thug siad an t-am dóibh féin lena scíth a ligean agus teacht ar ais chucu féin.

Dá gcaithfeadh muidne níos mó ama ag breathnú ar na crainn, ar na bláthanna agus fiú ar an spéir sílim go mbeadh an domhan an-difriúil. Níl muid chomh héagsúil sin leis na plandaí ná leis na hainmhithe atá thart orainn ach toisc gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag obair agus ag déanamh rudaí an t-am ar fad, is é sin a dhéanann muid. Ní chiallaíonn na féidearthachtaí ar fad atá ann gur ceart dúinn glacadh leo. Éist le do chorp, éist leat féin agus féach céard atá uait go dáiríre. Is cuma céard a deir daoine eile nó céard a cheapann tú is ceart duit a dhéanamh, smaoinigh ar conas a mhothaíonn tú agus céard ba mhaith leat.

Ansin, nuair a leagann tú síos rún, déan cinnte de gur rud ar leith atá ann agus go bhfuil plean agat lena aghaidh. Mar shampla, más rud é gur mhaith leat tabhairt faoin aireachas i mbliana smaoinigh ar conas a dhéanfaidh tú sin. An bhfuil aip ar leith a úsáidfidh tú? An bhfuil tú le clárú le rang? An ndéanfaidh tú cleachtadh leat féin? Más rud go ndéanfaidh, cén t-am a ndéanfaidh tú é? Cén áit? Leag síos plean cruinn le cinntiú go mbeidh níos lú bac idir tú agus do sprioc.

Close
Close