Tugann Dónall Mac Giolla Chóill léargas dúinn ar chuid d’imeachtaí agus de ghnásanna na Nollag, agus an dúil atá aige iontu…
Tá duine úr i mbun stiúir ar na hailt scríofa ar Meon Eile le tamall anuas, agus bhuail mé léi cúpla seachtain ó shoin ag Scoil Gheimhridh Ghearóid Uí Chairealláin.
Ar mhaithe leis an alt seo, tabharfaidh mé ‘Bean na Díthe Céille’ uirthi, mar a thuigfidh tú ar ball.
D’iarr sí orm rud inteacht a sholáthar don Nollaig.
Anois, tá soineantacht ann, agus is maith iad na daoine soineanta, ach tá leibhéal soineantachta ann, i measc daoine áirithe, leibhéal chomh sonraithe sin, gur chóir láithreach bonn iad a chur in aithne do na húdaráis, ar mhaithe leo féin.
Tá aithne againne uilig ar a leithéid, agus feictear go minic iad ar scannán uafáis, tá a fhios agat, nuair atá dúnmharfóir amuigh ansin le tua nó le sábh slabhrach, rachaidh siadsan ina gcuid soineantachta chun snámh oíche ghealaí sa loch taobh leis an bhothán sa choill, agus tá deireadh leo taobh istigh de chúig bhomaite ó thús an scannáin.
Ar a laghad ní chaithfear an táille iomlán a íoc leo mar aisteoirí, agus ní chaithfear amharc ar a ndíth chéile feadh i bhfad.
Ach mo dhuine, a d'iarr orm seo a scríobh, agus aiféaltas uirthi dá réir, agus an méid seo léite aici - is cinéal ceachta seo di - tá sí anois ag rá léi féin os íseal: ’choíche arís ní iarrfaidh mé alt ar an duine seo!’
Mar a scríobh mé thuas, d’iarr sí alt faoin Nollaig.
‘An bhfuil a fhios agat cé mé?’ arsa míse léi.
‘Tá a fhios agam, cad chuige, an bhfuil dearmad déanta agat?’
‘Alt faoin Nollaig atá uait?’
‘Is ea.’
‘Ní dhéanaim an Nollaig a cheiliúradh, thug mé ceachtanna do Ebenezer Scrooge agus é ina ghasúr, tá cóip de dhírbheathaisnéis Herod agam ar mo leabhragán agus nótaí scríofa agam sna himlínte.’
‘Ach tchím thú,’ arsa Bean na Díthe Céille, ‘gach aon bhliain ag dinnéar Nollag Raidió Fáilte, agus cuma sásta go leor ort.’
‘Cuireann Raidió Fáilte dinnéar den scoith ar fáil, agus fíon gan teorainn, uilig saor in aisce, agus a bhean údaí, chan sástacht atá ansin, ach súgacht. An mbíonn dinnéar na Nollag ag Meon Eile?’
‘Cha mbíonn!’ arsa sí go tobann, chomh tobann sin gur mhothaigh mé nach raibh an cheist fiú amuigh as mo bhéal gur fhreagair sí go borb, ‘cha mbíonn a leithéid againne, níl aon bhuiséad againne dona leithéid, cha raibh dinnéar na Nollag ariamh againn.’
Tá a fhios agam anois nach amháin gur Bean na Díthe Céille í, ach Bean na mBréag.
Tá mo chuid daoine agam, mo chuid foinsí, mo chuid finnéithe, ar an taobh istigh, agus tá na polaroids agam chomh maith.
Bíonn ‘ócáid bhliantúil oifige’ acu, agus tá mé buíoch beannachtach gan cuireadh a fháil.
De réir na dtuairiscí atá agam, ó dhaoine iontaofa, na foinsí seo agam, bíonn an rud suarach go leor.
Tá bac ar níos mó ná trí ghloine fíona a ól, agus gloiní beaga iad aige sin, i ndiaidh an tríú leathghloine, osclaítear an ‘cash bar' - a Mhuire is a Rí idir sinn agus gach urchóid - agus le barr a chur leis an donas, is buifé a bhíonn acu, le smailceanna ceannaithe le cibé brabús atá fágtha ar Club Charta Tesco na hoifige.
Agus bíonn gach duine sa bhaile, ina gcuid pitseámaí agus slipéirí, lena mbuidéal te agus Bovril, roimh a deich a chlog an oíche sin.
Mar sin de agus cur síos cuimsitheach déanta agam ar Bacchanalia Meon Eile, tá mé anois chun tabhairt faoin alt a scríobh maidir leis an Nollaig - caithfidh mé leathdhosaen uibheacha circe na bliana úire a shaothrú áit inteacht - an Nollaig agus gach a bhaineann leis ó taobh cóisireachta agus siamsaíochta de.
Bhuel, mothaím go bhfuil sin déanta agam sa mhéid a scríobh mé thuas, ach tá gné amháin den Nollaig ar a laghad nach dtaitníonn liom, agus is é sin iad siúd a théann amach ag ól ag an Nollaig amháin.
Ó cheann céanna na bliana, chan fheiceann tú iad in am ar bith agus ansin sna seachtainí roimh an Nollaig tá siad i ngach aon áit, ag tógáil spás daoine siosmaideacha ciallmhara cosúil liomsa - iad ina suí i mo chathaoirse - ag ceol i sean-ard a gcinn faoin The Boys Of The NYPD Choir.
Anois tugtar le fios domh, ar bhunús iontaofa uathu siúd a bhfuil cur amach acu ar na cúrsaí seo gur ag dul cheoil le hamhráin na Nollaig a bhíonn na daoine seo, agus caithfidh mé glacadh leis go bhfuil sin amhlaidh, ach más ceol uathu é, ní amhrán chugam é.
Níl i bhfad le dul agus beidh na daoine seo uilig éalaithe ar ais chuig cibé pluais as a dtáinig siad, agus beidh siad ag caoineadh go Lá na Féile Bríde faoi gach pingin a chaith siad an oíche amháin sin dá raibh sé de dhánacht agus de mhisneach acu dhul thar thairseach tí tábhairne, agus gur thug fear féasógach as Tír Chonaill droch-amharc orthu, amhail is go raibh siad ina suí ina shuíochán sa bhéar.
M’anam le Dia, na daoine seo a theann amach oíche amháin thar thréimhse na Nollag, tá siad chóir a bheith chomh holc sin le muintir Bhun na Leaca agus Ghlaise Chú, nuair a ligtear amach lena chéile iad, ach ar a laghad nuair a tharlaíonn sin, bíonn fógra roimh ré tugtha, le deis a thabhairt duit do taser a bheith luchtaithe agat.
Agus anois an gnáthrud ag deireadh an ailt, ba mhaith liom Nollaig Shona agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise…. (líon an bhearna le cibé rud, tá mé réidh agus caithfidh mé péire stocaí a chuardach don chóisir).



