Athrú Aeráide

Concubhar Ó Liatháin

Bhíodh an-suim ag m’athair san aimsir, ní nach ionadh mar ba mhúinteoir tíreolaíochta é. Bhíodh míniú aige ar na scamaill sa spéir agus na frontaí aimsire a bhí á dtuar acu dúinn. Thugadh sé míniú dom go minic ar na fáthanna a dtiteadh an oiread sin báistí sa cheantar timpeall m’fhóid dúchais i nGaeltacht Mhúscraí.

Is olc liom anois nár thugas liom níos mó dá shaíocht ar chúrsaí aimsire is aeráide ach ní dócha gur mé an chéad mhac nó iníon a léirigh brón i ndiaidh an bháis mar sin.

Tá sé caillte anois le trí bliana déag beagnach ach dá dtiocfadh sé ar ais is ar éigean a d’aithneodh sé an ceantar sa mhéid is go bhfuilimid timpeallaithe ar gach taobh le tuirbíní gaoithe ollmhóra, cuid acu breis is 100 méadar ar airde.

Tá gaol ag na tuirbíní gaoithe leis an aimsir gan amhras. Tá siad ann chun fómhar cumhachta aibhléise a bhaint as an ngaoth atá ag séideadh i gceantair thuaithe is shléibhe na tíre chun cur leis an bhfuinneamh in-athnuaite atá ar fáil sa tír. Dá mhéad fuinneamh in-athnuaite a úsáidtear, is lú ár n-astaíochtaí carbóin. Dá laghad iad na hastaíochtaí CO2, is lú an ghaoth a bheidh i seolta na n-athruithe aeráide. Sin an teoiric, pé scéal é.

Táimid beo anois ag tráth ina bhfuil an aimsir ar bharr liosta na nuachta go mion minic. Tá tinte ag dó go tréan i ndeisceart na hEorpa mar iarmhairt ar an mbrothall eisceachtúil atá ann faoi láthair. Tá macasamhail na dtinte seo tar éis California agus an Astráil a loscadh. Is cuimhin liom a bheith in Donostia i dTír na mBascach roinnt blianta ó shin agus bhíos ag leá de bharr chomh te is a bhí sé - bhí sé 30 céim Celsius. Le déanaí san Iodáil bhí sé leathchéad céim nach mór.

Tagann an teas míorúilteach sin sna sála ar thuilte a scuab tríd an Bheilg agus an Ghearmáin agus a d’fhág na mílte gan dídean agus roinnt eile marbh.

Mura raibh an fhianaise os comhair ár súl, tá tuarascáil eile eisithe ag Painéal Aeráide na Náisiún Aontaithe ina dtugtar rabhadh eile arís dúinn go bhfuil athrú aeráide ag tarlú go forleathan agus ag ráta atá ag luasghéarú i rith an ama.

Gan amhras táim ag labhairt anseo ó mo shuíochán compordach sa domhan forbartha - tá daoine sna tíortha tearcfhorbartha ag cur suas leis na héifeachtaí seo le blianta fada cheana féin. Ní ait leo tuilte ná brothall ná spéirlingí.

Ach nuair is giorra an gad dár scornach féin, is géire an phráinn. Níl aon dul as an réaltacht sin, ní gá a rá.

Cuireann na tuirbíní gaoithe ar mhullach na sléibhte timpeall orm seanfhocal i gcuimhne dom. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb - b’in an rabhadh a bhíodh ann - gan bheith ag iarraidh díon tuí a chur ar theach lá gaofar.

Tá na feirmeacha gaoithe seo á dtógáil ag comhlachtaí atá ag faire ar bhrabús a shaothrú as cumhacht a dhíol leis an ngréasán cumhachta náisiúnta, gréasán a bheidh de réir a chéile ag éirí as an mbreosla carbóin - gual, ola, gás nádúrtha.

Go minic tógtar iad gan mórán comhairliúcháin a dhéanamh leis an bpobal áitiúil atá buartha faoin tionchar atá ag na tuirbíní seo ar a saol féin - tá caint déanta faoi naisc a bheith ann idir an fhuaim a ghineann na tuirbíní agus drochéifeachtaí sláinte mar shampla.

Nuair a thógann pobail tuaithe ceisteanna faoi chomh tiubh te atá na tuirbíní gaoithe seo á dtógáil ar na sléibhte inár dtimpeall, meabhraítear dúinn an tábhacht atá le hísliú na n-astaíochtaí carbóin agus go gcaithfimid go léir ár gcuid a dhéanamh. Agus déantar neamhiontas de na ceisteanna bailí atá ann.

Tá go leor athruithe á mbrú ar an saol fán tuath in Éirinn chun leibhéal na n-astaíochtaí a laghdú. Tá údaráis phleanála doicheallach roimh iarratais ó dhaoine atá ag iarraidh tithe a thógáil fán tuath, gar dá seanmhuintir is dá bpobail, mar gur fearr leo daoine a bhrú isteach i lonnaíochtaí níos mó ina bhfuil seirbhísí ar nós scoileanna is ospidéil lonnaithe go lárnach.

Tá ceist inmharthanacht na Gaeltachta fite fuaite leis an tranglam seo. Tá Gaeltachtaí na tíre lonnaithe i gceantair thuaithe don bhformhór agus tá siad ag brath ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu a bheith ina gcónaí iontu agus tá cur i bhfeidhm dian rialacha pleanála ag cur bac air seo.

Isteach sa mheascán seo tagann víreas a thugann spreagadh breise do dhaoine gan bheith ag brú isteach i lonnaíochtaí ina bhfuil ardbhrú daonra. Tá sé tugtha faoi ndeara go bhfuil teaghlaigh ag tréigean na gcathracha is na mbailte móra ar mhaithe le saol níos suaimhní is níos sláintiúla a chaitheamh faoin tuath.

Ach tá casadh eile sa scéal. Le dhá bhliain anuas bhí údaráis áitiúla ag ullmhú pleananna forbartha dá gcontaetha don tréimhse sé bliana romhainn, pleananna a dhéanann tuartha bunaithe ar riachtanais tithíochta is tionsclaíochta is eile.

Tá an tréimhse chomhairliúcháin do Chontae Chorcaí thart agus anois tá ar an bPríomhfheidhmeannach freagra ar an aischothú a tháinig ón bpobal a ullmhú.

An deacracht is mó do Chomhairle Contae Chorcaí agus údaráis áitiúla dá leithéidí ná gur ullmhaigh siad a bpleananna forbartha tráth nach raibh an víreas sa reicneáil agus anois níl na cáipéisí sin ag teacht leis na treochtaí atá tar éis teacht chun cinn le linn na paindéime. Daoine ag bogadh chuig an tuath, ag obair ón mbaile, ag iarraidh seirbhísí í gceantair iargúlta - tá na cúinsí ag athrú agus nach gá na pleananna a athrú dá réir?

Ag an am céanna bhí a bpleananna á n-ullmhú dar leo chun cosaint a thabhairt dá bpobail i gcoinne éifeachtaí na n-athruithe aeráide.

Is cinnte nach mbeidh sé éasca na pleananna sin a phósadh go rathúil le mianta agus buarthaí an phobail atá ag vótáil lena gcosa agus atá ag éirí níos glóraí i rith an ama.

Le go mbeidh rath ar an iarracht chun dul i ngleic le leibhéal na n-astaíochtaí carbóin a chur ar atreo, caithfidh na húdaráis ag gach leibhéal – an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda - iarracht níos fearr a dhéanamh an pobal a thabhairt leo. Tús an phróisis is ea éisteacht leo.

Ní leor a bheith ag caitheamh tuirbíní gaoithe ar bharr na sléibhte chun an tubaiste atá ag teacht inár dtreo, agus gaoth ina seolta, a sheachaint.

Close
Close