Ardú ar an drochíde baile de bharr na paindéime

Lisa Nic an Bhreithimh

Drochíde baile agus foréigean i lánúineacha: fás, dúshláin úra agus gnéithe nua den scéal

Ardú i rith paindéim an choróinvíris

De réir achoimre ar pholasaí de chuid na Náisiún Aontaithe dar teideal "The Impact of COVID-19 on Women" a foilsíodh go luath sa phaindéim, i mí Aibreáin 2020, bhí ardú 25% ar a laghad ar fhoiréigean inscne le feiceáil i gcuid mhaith tíortha - díreach mí amháin tar éis thús na dianghlasála.

Ba léir go raibh gnéithe nua i gceist leis an bhforéigean a chonacthas i rith na paindéime. Bhí an víreas á úsáid mar bhagairt ag mí-úsáideoirí, bhí seirbhísí tacaíochta faoi bhrú go mór, bhí deacrachtaí ag eagraíochtaí sóisialta lena gcuid oibre agus bhí ionaid dídine lán nó bhí orthu dúnadh, chun cúpla gné a lua.

Is iad na daoine a bhíonn ar imeall ár socaithe a fhulaingíonn is mó i rith géarchéimeanna, agus nuair a thiteann rud éigin amach mar a chonaiceamar in 2020, iadsan is mó a bhíonn thíos leis. Bíonn tuilleadh brú ar eagraíochtaí a chuidíonn leo, níos lú tacaíochta airgeadais agus eile ar fáil agus is cinnte go bhfacthas é seo i measc íospartaigh drochíde agus foréigin i rith phaindéim an choróinvíris.

Drochíde fear i gcoinne ban

Tá tuiscint amháin ag roinnt daoine ar dhrochíde baile - fir a bhíonn foréigeanach i gcoinne ban. Ní féidir na statisiticí arda den drochíde fear i gcoinne ban a shéanadh – is léir go bhfuil fadhbanna móra ann. De réir White Ribbon Ireland, catharnacht a dhíríonn ar cheannaireacht agus oideachas fear chun stad a chur le foréigean i gcoinne ban, is é foréigean fear i gcoinne ban, arb iad a bpáirtithe iad, an cineál foréigin is mó ar domhan- fulaingíonn 30% de mhná  ar fud na cruinne leis.

Dar leis an Eagraíocht Domhanda Sláinte, is iad iarbhuachaillí / iarfhir chéile dúnmhárfóirí 40 - 70% de na mná a dhúnmharaítear ar fud an domhain. Léimid scéalta faoi mhná agus cailíní á n-ionsaí nó a ndúnmhárú ag fir go rómhinic na laethanta seo. Is léir go bhfuil fadhbanna móra i dtaobh fhoréigean na bhfear, teidlíocht fear, pribhléid fear agus comhionannas ar fud na cruinne a bhfuil an-chuid oibre ag teastáil orthu.

Daoine eile ar an imeall

Tá cineálacha éagsúla drochíde baile eile is gá a phlé freisin.

Dár ndóigh bíonn páistí go minic ina n-íospartaigh de dhrochíde baile. Bhí ardú suntasach ar líon na nglaonna ar Childline i rith na paindéime. Dúirt Príomhfheidhmeannach Childline, John Church, maidir le 2020, “never before has a year presented so many challenges to so many children."

Tá go leor fear a fhulaingíonn ó dhrochíde óna páirtithe ban chomh maith. De réir Men's Aid, a thacaíonn le fir a fhulaingíonn le drochíde baile in Éirinn, bíonn 1 as 7 fear ina n-íospartaigh drochíde baile.

Gné eile den scéal nach gcloistear faoi go minic ná drochíde baile i measc lánúineacha comhghnéis. De réir foilseachán de chuid Frontiers in Psychology a foilsíodh dhá bhliain ó shin, ó thaobh foréigean i lánúineacha comhghnéis de, fulaingíonn 61.1% de mhná déghnéasacha, 43.8% de leisbiaigh, 37.3% d'fhir dhéghnéasacha, agus 26.0% d'fhir homaighnéasacha leis i gcomparáid le 35.0% de mhná agus 29.0% d'fhir i lánúineacha heitreaghnéasacha. Agus mé ag cóisir i ngrúpa ceathrar ban aiteacha cúpla bliain ó shin, dúirt triúr acu gur fhulaing siad le drochíde baile agus go raibh sé deacair teacht ar thacaíocht oiriúnach dá gcasanna féin. Luann cuid mhór de na hachmhainní in Éirinn "d'fhear chéile", "do bhuachaill". Leis an gcineál foclaíochta seo ní thugtar tacaíocht oiriúnach do gach duine, agus mothaíonn daoine nach bhfuil cúnamh ceart le fáil. Go mion minic, bíonn cúnamh nó tacaíocht ag teastáil chun drochídeoir a fhágáil.

Ar ábhar na foclaíochta, cad futhu siúd nach bhfuil Béarla acu? An bhfuil go leor foinsí eolais dóibhsean? Déanann eagraíochtaí tacaíochta iarrachtaí eolas a chur amach i dteangacha éagsúla. Tá eolas le fáil ó Women's Aid, mar shampla, in ocht dteanga, an Ghaeilge san áireamh. Níl aon amhras ach go bhfuil tacaíocht ag teastáil le cinntiú gur féidir le gach eagraíocht a gcuid eolais a fhoilsiú sna teangacha uile a labhraítear in Éirinn inniu.

Cad faoi dhaoine neamhdhénártha agus d'inscní eile? Níl mórán taighde déanta nó eolas le fáil. Níl amhras ach go bhfulaingíonn siad leis an drochíde baile freisin. Ní bheidh muid in ann cuidiú leo nó a gcásanna a thuiscint i gceart go dtí go dtuigtear iad féin i gceart. Is féidir roinnt eolais a fháil ó TENI a chuidíonn go mór le daoine neamhdhénártha, tras is eile in Éirinn.

Is léir go bhfuil go leor fós le déanamh inár sochaithe le cuidiú le híospartaigh drochíde baile agus le stad a chur leis, a oiread agus is féidir. Chomh maith le caiteachas poiblí ar chúrsaí sláinte i ndiaidh na paindéime beidh gá le breis tacaíochta do na heagraíochtaí seo. Caithfear leanúint le hoideachas - sa bhaile, ar scoil, sa phobal, le sean is óg. Caithfear éirí as díriú ar insint d'íospartaigh nó dóibh siúd atá i mbaol drochíde conas caitheamh leo féin, cé hiad na háiteanna nach féidir leo dul, céard nár cheart dóibh a chaitheamh agus araile, agus díriú orthu siúd a dhéanann an drochíde, agus oideachas a chur ar dhaoine faoi bhealaí eile chun plé le cúrsaí feirge agus meabhairshláinte. Caithfear níos mó diantaighde a dhéanamh ar phobail éagsúla seachas lánúineacha heitreaghnéasacha cisinscneacha amháin, in Éirinn ach go háirithe.

Cuidíonn an t-eolas agus an t-oideachas linn na fadhbanna uile agus na dúshláin éagsúla a thuiscint agus a shárú. Taobh leis seo, teastaíonn gníomhaíocht - seirbhísí tacaíochta a choinneáil á gcur ar fáil, dlithe ar na hábhair seo a imscrúdú agus pionóis níos mó a ghearradh ar dhrochídeoirí, agus go leor eile. Is féidir linn ar fad muid féin a chur ar an eolas, ár súile agus cluasa a oscailt do na fadhbanna seo agus lámh chúnta a shíneadh amach nuair is gá.

D'éirigh an drochíde baile níos measa i rith na paindéime. Caithfear dul i ngleic leis sin agus cinntiú nach dtarlaíonn sé arís i rith géarchéimeanna eile sa todhchaí.

Close
Close