Katie Saoidhbh McGreal
Mar shochaí, ní bhíonn an-dúil againn i mí Eanáir. Bíonn an aimsir lofa, bíonn sé dorcha an t-am ar fad, ní bhíonn ceiliúradh ar siúl mar tá an Nollag thart agus níl romhainn anseo in Éirinn ach an chuid eile den gheimhreadh.
Leis an mheon sin, is minic a bhíonn drogall agus brón ar dhaoine i mí Eanáir agus de réir a chéile, bíonn muid ag súil leis an drogall sin. Bíonn muid ag súil le mothú brónach agus thíos leis le linn na míosa.
Mhothaigh mé féin sin tráth freisin. Is cuimhin liom i mí na Nollag a bheith ag smaoineamh go mbeadh mí Eanáir deacair, brónach, ciúin agus olc. Na blianta a bhí an smaointeoireacht sin agam, is é sin díreach an rud a tharla ar ndóigh. Bhí na míonna Eanáir sin go holc. Níor mhothaigh mé go maith, ní raibh aon airgead agam, ní dhearna mé mórán taobh amuigh den obair, agus bhí drochmhí agam.
An chéad bhliain eile, bheartaigh mé dul thart agus a rá le gach duine agus liom féin go mbeadh mí Eanáir iontach agam. Chaith mé mí na Nollag ag smaoineamh faoi cé chomh maith is a bheadh mí Eanáir, agus sin a tharla: bhí mí Eanáir iontach agam.
Ní hea go raibh an aimsir níos fearr, ní raibh níos mó airgid agam, níor athraigh aon rud ar an taobh amuigh, ach d’athraigh mo mheon agus mar sin de bhí sé i bhfad níos éasca dom na rudaí maithe a fheiceáil.
Bíonn rudaí maithe i gcónaí ann. Bíonn cupán tae deas againn, déanann duine dinnéar dúinn, feiceann muid bláth álainn sa pháirc; tá na mílte mílte rudaí maithe ann gach uile lá ach is minic a bhíonn intinn an duine dhaonna ag lorg na drochrudaí. Bíonn muid ag breathnú amach le haghaidh na rudaí is measa a d’fhéadfadh tarlú. Níl ann ach nós áfach, agus is féidir linn nósanna a bhriseadh agus a athrú.
Nuair a bhíonn muid dírithe ar na drochrudaí an t-am ar fad, feicfimid drochrudaí. Ach nuair is féidir linn smaoineamh ar na rudaí maithe, feicfidh tú na rudaí maithe.
Deir siad gurb é inniu - an tríú Luan i mí Eanáir - an lá is deacra agus is gruama sa bhliain. I ndáiríre, áfach, is comhlacht taistil a chruthaigh an coincheap. Ní raibh siad ag díol go leor suíocháin eitleáin i mí Eanáir agus bhí feachtas fógraíochta acu le go mbeadh daoine ag iarraidh eitiltí a cheannach agus laethanta saoire a chur in áirithe.
Ina ainneoin sin, is fíor gur féidir le mí Eanáir a bheith deacair do dhaoine: bíonn an aimsir gránna, bíonn muid gan ar airgead i ndiaidh na Nollag. Ach tá mé cinnte, má smaoiníonn tú anois ar rud éigin i do shaol atá go maith, cabhróidh sé leat. Smaoinigh ar dhuine, ar bhéile a bhí agat le déanaí, ar do theach nó do bhaile. Tá na mílte rudaí maithe i do shaol ach fad is go bhfuil d’aird dírithe ar na rudaí nach bhfuil chomh maith sin, níl aon spás agat aird a thabhairt orthu.
Anois, más nós é seo atá tú a dhéanamh le blianta blianta fada, conas is féidir leat é a athrú?
Faigh leabhar nóta agus cuir in aice le do leaba é. Gach oíche, sula dtéann tú a chodladh, scríobh síos trí rud a tharla an lá sin a bhí go maith, trí rud a tharla a bhfuil tú buíoch astu.
Rudaí beaga, cosúil le siúlóid dheas a rinne tú ag am lóin nó cupán tae deas a bhí agat; rudaí móra ar nós post nua a fháil, tasc ollmhór a chríochnú - is cuma. De réir mar a dhéanann tú seo gach oíche tá tú ag cruthú nós nua i d’intinn. De réir a chéile, beidh d’intinn ag smaoineamh ar na rudaí maithe níos mó ná ar na drochrudaí, agus déanfaidh sin difríocht do do shaol.
Go n-éirí leat!


