Gairdín na Beatha i mBóthar na Trá

Gairdín na Beatha i mBóthar na Trá

Bhí lá mór i mBóthar na Trá, Co. na Gaillimhe, ar na mallaibh agus Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn agus a bhean chéile Sabina ag tabhairt cuairte ar an ghairdín ‘Circle of Life’. Gairdín náisiúnta a tógadh in ómós do dheontóirí orgán agus a gclann.

Is iad Martina agus Denis Goggin ón Spidéal a chuir tús leis an tógra seo. Cháil siad a mac Éamonn ocht mbliana ó shín nuair a fuair sé bás i dtimpiste bóthair – ní raibh sé ach 26 bliain d’aois. Tubaiste uafásach agus tréimhse iontach deacair a bhí ann, iad tar éis an t-aon pháiste a bhí acu a chailleadh.

Fuair Martina agus Denis beirt faoiseamh agus sólás as an smaoineadh gur, cé gur cailleadh Éamonn, thug sé seans ar shaol úr do dhaoine eile trína orgáin a dheonú.

Bhí comhrá ag Martina le hÉamonn faoi cad é ba mhaith leo a dhéanamh dá dtarlódh a leithéid agus chuir sé a mhian in iúl di. Is comhrá é, dar léi, gur chóir dúinn ar fad a dhéanamh lenár muintir féin.

Gairdín na Beatha - Bóthar na Trá

Beidh clár de chuid Below the Radar darb ainm ‘Bronntanas na Beatha’ – a leanann scéal beirt deartháireacha as Dún na nGall agus duine acu ag tabhairt duán don duine eile – beidh sé á chraoladh ar BBC 2 NI Dé Domhnaigh 5 Deireadh Fómhair.

Close
Close