Ceol na nÓg - Eve Belle

Ceol na nÓg - Eve Belle

An tseachtain seo cuireann muid tús le sraith úr cheoil darb ainm ‘Ceol an nÓg’. Sa tsraith seo beidh ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill ag caint leis an chéad ghlúin eile de cheoltóirí óga atá ag tosnú amach mar cheoltóirí proifisiúnta.

Inniu tá Seán i mbun comhrá le Eve Belle, amhránaí is scríbhneoir as Mín an Chladaigh i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tá guth binn galánta ag Eve agus gan í ach seacht mbliana deag d’aois.

Is í an duine is sine de bheirt clainne. Is iad Greg agus Sandra Uí Mhuircheartaigh a tuismitheoirí agus is é Oscar a deartháir.

Thosaigh Eve amach leis an cheol nuair a fuair sí giotár don Nollaig agus í naoi mbliana d’aois. Chum sí a céad amhrán nuair a bhí sí aon bhliain déag d’aois agus ó shín tá sí ag ceol agus ag scríobh léi.

Tá Eve ag freastal ar Phobalscoil Chloich Cheannfhaola san am i láthair agus í ag fáil réidh don Ardteist i mbliana.

Tá sé mar aidhm aici leanúint leis an cheol san ollscoil.

Bíonn Eve ag seinm go rialta ag an ‘CluBeo’ a bhíonn ar siúl i dTigh Leo uair amháin sa mhí.

Is oíche oscailte seo do cheoltóirí óga, cosúil le Eve, a gcuid amhrán féin a sheinm os comhar lucht féachana agus ceoltóirí eile, agus é a reáchtáil ag Moya Brennan agus Dónal Mac Ruairí.

Bíonn Eve ag casadh ceoil sa teach taibhirne ‘The Loft’ ar an Fhál Carrach achan Déardaoin fosta.

Tá Eve spreagtha go mór ag ceoltóirí cosúil le Kodaline agus Ed Sheeran. Is maith léi ceoltóirí a bhfuil meas acu ar an cheol agus a bhíonn ag cumadh a gcuid amhrán féin. Is maith lirící a thagann ón chroí.

Bhí an deis ag Eve bualadh lena cuid laochra ceoil ‘Kodaline’ ag gradam IMRO agus í ag ceol ina gcuideachta.

Chomh maith leis sin cheol sí ag ‘Electric Picnic’ anuraidh, ceann de na féilte ceoil is mo in Éirinn.

Beidh a céad EP á sheoladh ag Eve ar an 15ú Márta dar teideal ‘Sonder’, agus an chéad amhrán den EP sin ‘Too young to fill the soul’ ar fáil ar iTunes agus Spotify anois… Féach thíos faoin fhís le teacht ar MP3 don t-amhráin.

Ceol na nÓg - Eve Belle
Eve Belle - Nuair a thiocfaidh an Geimhreadh
Close
Close