Ceol na nÓg - Cathal Ó Curráin

Ceol na nÓg - Cathal Ó Curráin

An tseachtain seo ar ‘Ceol na nÓg’ tá muid i mbun comhrá le stócach óg as Gaoth Dobhair, Cathal Ó Curráin.

Tá Cathal seacht mbliana déag d’aois agus tá sé ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

Tá sé ag seinm ceoil ó bhí sé ina ghasúr óg agus inniu is ceoltóir é leis an ghrúpa An Crann Óg agus le ‘Na Fadudas’.

Bíonn Cathal ag scríobh a chuid ceoil féin chomh maith agus tá go leor duaiseanna buaite aige thar na blianta.

Tháinig sé go mór faoin spotsolas anuraidh lena amhrán nuachumtha, ‘Anois Tá Mé Liom Féin’, agus faoi láthair tá sé ag obair ar a dhlúthdhiosca féin, mar aon le halbam leis An Crann Óg.

Ceol na nÓg - Cathal
Cathal Ó Curráin - Anois Tá Mé Liom Féin
Close
Close