Bord Bia - Galettes, Hagaois agus Cullen Skink

Cuirfear tús le Seachtain Bhialanna Bhéal Feirste 2013 ar an Satharn. Go ceann seachtaine, déanfar ceiliúradh ar bhia áitiúil agus ar imeachtaí cocáireachta ar fud na cathrach. Beagnach ceithre scór bialann atá páirteach sa tseachtain.

Bhí tionscnamh cócaireachta de shagas eile a reáchtáil in ionad cócaireachta an Mhurn i gCill Chaoil le déanaí. Thug an bheirt chocáire aitheanta, Éamonn Ó Catháin ó Bhéal Feirste agus Alasdair Mac Leoid ó Gharbhchríocha na hAlban faoi thaispeántas trí theangach.

Is Bia Ceilteach ar fad a ullmhaíodh, ina measc Galettes ón Bhriotáin, cistí hagaois ó Alban, Cullen Skink (anraith ó na Garbhchríocha) agus mionbhruar úll.

Seo chugaibh comhairle na gcócairí agus roinnt treoracha don chistin! Tá oidis agus liosta de na comhábhair bia le fáil ag bun an leathanaigh.

Bord Bia

Galette Briotánach le hÉamonn Ó Catháin**

Comhábhair Galette

  • 200g Plúr ruáin
  • Leath lítir uisce fuar
  • Salann
Galettes
Galettes

Cur le céile

Leis an fhuidreamh (batter) a dhéanamh. Cur an plúr a chur isteach i mbabhla measctha. Déan poll ina lár agus doirt an t-uisce isteach ann go h-an fadálach chun cnapanna a sheachaint.

Faoi dheireadh gheobhaidh tú fuidreamh atá ‘scaoilte’ agus breá réidh ach réasúnta ramhar. Má tá an cuma ar an scéal go bhfuil an fuaidreamh ró ramhar. Déan tuilleadh uisce a meascadh isteach ann.

Déan an fuidreamh a dhoirt ar an fhriochtán

Ina dhiaidh sin, cuir na comhábhar seo isteach leis ar an fhriochtán; uibheacha, Gruyere agus Liamhás

Fág ar feadh cúpla bomaite é agus is é sin do bhéile déanta!

In amantaí, cuirtear píosaí muiceola agus slisíní prátaí ar an fhriochtán le blas éagsúil a thabhairt don Galette.

Sin é!

“Crumble” úll is mónógaí

Crumble
Crumble

Comhábhair

  • 4 Úll (thart ar 800g)
  • 80g monóga (úra nó reoite)
  • Cnapán mór ime
  • Meascán 4 spíosraí (nó “4-spice mix” ar fáíl go forleathan)
  • 100g plúr coiteann
  • 100g cnapáin bheaga ime agus iad breá fuar
  • 80g siúcra Demerara (ar a dtugtar “Cassonade” fosta)
  • 80g púdar almóinn
  • Calógaí coirce (le h-aghaidh bracháin)

Cur le chéile

Bain an craiceann de na húlla agus déan iad a shliseadh.

Cuir cnapán mór ime isteach sa phota chomh maith leis na húlla. Cuir rud beag uisce agus measán beag spíosraí leis chomh. Measc é seo go maith agus lig do fhiúchadh ar feadh deich mbomaite.

Tóg babhla mór. Déan an “crumble” leis an phlúr, an t-im fuar agus é ina gcearnóga beaga.

Meascaigh é seo go bhfuil cruth air mar a bheadh gaineamh ann. Cuir siúcra, demerara agus an púdar almóinn leis.

Ag an phointe seo, cuir an oigheann ar siúil ag grád 200.

Faigh mias oigheann. Cuir an meascán úll is mónógaí isteach sa mhias. Cuir an “crumble” féin isteach ar a mhullach sin.

Isteach leis an mhias san oigheann ar feadh 20 bomaite nó go mbeidh dath breá donn ar an ‘crumble’.

Close
Close