'An Triail' - 50 bliain ón chéad léiriú

'An Triail' - 50 bliain ón chéad léiriú

Léiríodh an dráma ‘An Triail’ den chéad uair sa bhliain 1964.

Scríofa ag Mairéad Ní Ghráda, tá an dráma conspóideach seo suite in Éirinn sna 1960í agus leanann sé scéal Mháire Ní Chathasaigh, bean óg a titeann i ngrá le fear pósta.

Nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil sí ag dúil le leanbh, níl rogha ar bith aici ach imeacht ón bhaile.

Is dráma é seo a dhéanann cur síos ar an tsochaí in Éirinn sna 1960í, an meon a bhí ag muintir na tíre ag an am agus an smacht a bhí ag an Eaglais Chaitliceach ar an phobal. Is scéal faoi ghrá, briseadh croí, mí-ionracas, bochtanas, striapachas agus féinmharú é.

Caoga bliain níos moille agus tá an dráma seo chomh tráthúil agus a bhí sé an chéad lá ariamh.

Thug Meon Eile cuairt ar an chomhlacht drámaíochta ‘Fíbín’ atá ar camcuairt ar fud na tíre faoi láthair le léiriú de ‘An Triail’ agus ‘Othello’. Labhair muid le beirt de na haisteoirí Gráinne Bleasdale agus Morgan Cooke faoin dráma agus faoina dtaithí féin.

An Triail - Fíbín

Tá an léiriú seo de chuid Fíbín snasta ó thús deireadh. Tá sé simplí ach éifeachtach, lán le spraoi agus greann, agus nascann Fíbín an scéal leis an lá atá inniu, rud a mheallann an lucht féachana isteach.

Tá an dá dhráma ar ardchaighdeán agus is éacht mhór don fhoireann uilig atá bainteach leis, go hairithe na haisteoirí agus gan ach ceathrar acu ag aisteoireacht ann.

Seo thíos na dataí ata fagtha:

AXIS Ballymun, DUBLIN 10 – 21 November. Tel: (01) 883 2100

Coláiste Chríost Rí, CORK 25 – 28 November. [email protected]

GB Shaw, CARLOW 1 & 2 December. (059) 917 2400

Close
Close