Seachtain na gCóitseálaithe 2022

Seachtain na gCóitseálaithe 2022 atá ann an tseachtain seo agus bhuail Meon Eile isteach chuig seisiún traenála Laochra Loch Lao i mBéal Feirste le labhairt le cúpla cóitseálaí dá gcuid.

Imríonn Rosie McNally agus Brian Mac an tSionnaigh rólanna lárnacha sa chlub mar chóitseálithe agus labhair siad faoin taithí atá acu go dtí seo ag bainistiú na bhfoirne.

Tá Brian ina bhainisteoir ar fhoireann na mbuachaillí faoi 10 agus foireann sinsearach na mban. Baineann sé an-sult as na foirne a bhainistiú agus tuigeann sé an tábhacht a bhaineann le gach bainisteoir sa chlub agus iad ag obair go deonach.

Thosaigh Rosie ag cuidiú leis na foirne faoi aois na blianta ó shin nuair a chuir a nianna tús leis an spórt agus, de réir a chéile, thosaigh sí ag cuidiú leis na cailíní faoi 12 le go mbeadh mná eile le feiceáil ag na cailíní óga agus iad ag teacht chun cinn.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Sheachtain na gCóitseálaithe anseo.

Close
Close