Seosamh Breathnach: An ‘Hurley Fixer’

Is déantóir camán é Seosamh Breathnach a bhfuil a cheardlann lonnaithe ar chúl chumann CLG Na Fianna i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath.

Mar aon le bheith ag déanamh agus ag deisiú camán, tá siopa trealaimh iománaíochta agus peile aige chomh maith.

Tá nasc láidir ag Seosamh leis Na Fianna: d’fhás sé aníos leis an chlub, ag imirt iománaíochta agus peile ó aois óg. Nuair a bhí sé ar intinn ag Seosamh a chomhlacht a bhunú, ní raibh áit ar bith níos fearr dó ná a bheith i gcroílár an chlub agus an chomhluadair.

Tá bunscoil agus meánscoil Ghaeilge díreach in aice leis an cheardlann, rud a thugann deis iontach do Sheosamh a chuid Gaeilge a úsáid ar bhonn laethúil. Tá Seosamh iontach paiseanta faoi ghnó s’aige a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge a oiread agus is féidir.

Is féidir Seosamh an ‘Hurley fixer’ a leanstan ar Instagram anseo.

Close
Close