Seoladh Gaelphoist

Bhí Meon Eile i láthair ag seoladh oifigiúil Gaelphoist in oifigí Gael Chursaí i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Is eagraíocht nua í Gaelphoist a chuireann seirbhísí ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag lorg oibre. Is cuma má tá duine ag fágáil an oideachais nó ag lorg post nua, cuidíonn Gaelphoist leis ó thaobh teicnící agallaimh agus CVanna de, agus ar an leibhéal pearsanta le muinín a chothú agus feabhas a chur ar a scileanna Gaeilge chun obair a fháil. 

Chuir Roisín Mhic an Lia agus Bronagh Nic an Lia, máthair agus iníon, tús le Gaelphoist cúpla mí ó shin. Beirt a chaith blianta ag obair sa Ghaeloideachas, bhunaigh siad an fiontar sóisialta mar go bhfaca siad, in éineacht le go leor eile, go raibh géarghá le seirbhís mar seo in earnáil fostaíochta na Gaeilge.

Labhair Meon Eile le Bronagh faoin ghá atá leis an eagras. Labhair muid le beirt de na cainteoirí ag an ócáid chomh maith, Caitlín Ní Ruanaidh, múinteoir i gColáiste Feirste agus stiúrthóir Gaelphoist, chomh maith le Brónagh Fusco ó Chonradh na Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close