Scéim Samhraidh le Fís an Phobail

Reáchtáil Fís an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste a gcéad scéim samhraidh do theaghlaigh ar na mallaibh. Ba í aidhm na scéime ná seachtain d'imeachtaí spraíúla a chur ar fáil do theaghlaigh trí mheán na Gaeilge.

Thug siad cuairt ar an zú, ar an fheirm agus ar an ionad Roar and Explore.

Bhuail Meon Eile leis an ghrúpa ar an lá deireanach spraoi ag Gael Ionad Mhic Goill, áit a raibh Fís an Phobail agus Laochra Loch Lao mar chomh-óstach ar an ócáid.

Bhí an áit plódaithe agus bhí péinteáil aghaidhe ar siúl, mar aon le ceardlann ealaíne, seomra cluichí, ainmhithe feirme, agus mionghalf. Bhí an deis acu cuairt a thabhairt ar Ghairdín an Phobail trasna an bhóthair chomh maith agus prátaí a bhaint ón talamh lena dtabhairt abhaile.

Labhair muid le Sorcha Ní Chathmaoil ó Fís an Phobail agus Rosie Mc Nally ó Laochra Loch Lao a bhí ar bís an lá spraoi a chur ar fáil do na páistí.

Úsáid an leagan Ultach ‘ar na mallaibh’ seachas ‘le déanaí’ den chuid is mó.

Close
Close