Plaisteach náireach

Is fadhb mhór é an bruscar fud fad na cruinne agus tá plaisteach ar bharr an liosta maidir le hábhair a dhéanann dochar don timpeallacht.

Bíonn bruscar inár bpáirceanna poiblí fiú ach tháinig ceithre bhunscoil áitiúla le chéile i mBéal Feirste ar na mallaibh chun rud éigin a dhéanamh faoi.

Páirc na bhFál agus Cluain an Bhogaigh an dá áit a bhí le glanadh ag na daltaí scoile mar chuid d'Fhéile na gCloigíní Gorma in iarthar na cathrach.

Eagraíodh an t-imeacht chun oideachas a thabhairt do na daoine óga faoin tábhacht a bhaineann lena gceantar féin a choinneáil glan, agus cuireadh béim ar a sláinte féin chomh maith.

Chuaigh Meon Eile amach ar an lá galánta le bualadh leis na gníomhaithe timpeallachta óga agus lena muinteoirí agus cuidiú leo ar an mhisean leis na páirceanna in iarthar Bhéal Feirste a ghlanadh...

Close
Close