Meghan Ní Raifeartaigh: Bainistoir Gael Linn i gCúige Uladh

Tá bainisteoir úrnua ceaptha ag Gael Linn do Chúige Uladh, is í sin Meghan Ní Raifeartaigh as Cathair Ard Mhacha.

Thosaigh Meghan le Gael Linn siar in 2011 agus í ar thaithí oibre le linn a cúrsa tríú léibhéal i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. In 2015, d’fhill sí ar an eagraíocht agus thosaigh mar Fheidhmeannach Oideachais agus Bainisteoir Choláiste Samhraidh Bhun an Inbhir, coláiste de chuid Gael Linn.

Tá Meghan lonnaithe in Aonach Mhacha i gCathair Ard Mhacha, áit a bhfuil oifig Gael Linn do Chúige Uladh. Is as an Chathair chéanna í, áit ar fhás sí aníos ag freastal ar Naíscoil Ard Mhacha agus Bunscoil na mBráithre Críostaí. Bhí Meghan mar chuid den chéad rang riamh sa Sruth Gaeilge i gColáiste Chaitríona, Ard Mhacha. Tá sí thar a bheith paiseanta faoin Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail agus tuisimitheoirí a chur ar an eolas faoi na buntáistí móra a bhaineann le hoideachais trí mheán na Gaeilge.

Is féidir cuairt a thabhairt ar shúomh Gael Linn anseo.

Close
Close