Margadh na Nollag ag Ionad na Fuiseoge

Reáchtálann Ionad na Fuiseoige in Iarthar Bhéal Feirste trí mhargadh gach bliain: ceann ag an Cháisc, ceann sa Samhradh agus ceann ag an Nollaig. Bíonn Margadh na Nollag níos mó agus níos fearr gach bliain agus ní haon eisceacht a bhí ann i mbliana.

Thug Meon Eile cuairt ar an mhargadh ar na mallaibh, áit a raibh maisiúcháin, cácaí, leabhair, cártaí, cupáin, balúin agus earraí eile lámhdhéanta ar díol. Bhí Daidí na Nollaig agus a bhean i láthair agus ghlac siad grianghraif leis na páistí.

Labhair muid le Kieran Mac Brádaigh, bainisteoir an Ionaid, a mhínigh go dtugann na himeachtaí seo an pobal le chéile agus deis don ionad na háiseanna agus na ranganna éagsúla atá acu a léiriú.

Labhair muid le Paddy Rock ó PaddyBakes a bhí ag díol a chuid cácaí agus donnóg ann, agus le Caolán Ó Coisneacháin ó Turas a raibh taispeántas mór acu de thárgí de chuid an Ionaid Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste. 

Coinnigh súil ar mheáin shóisialta Ionad na Fuiseoige lena fháil amach cén uair a bheidh an chéad mhargadh eile ar siúl.

Close
Close