Lón Mór an Phobail ag Glór na Móna

Bhailigh an pobal áitiúil le chéile san Uachtar Chluannaí ar na mallaibh chun lón mór a bheith acu mar chuid de Fhéile na Carraige, a bhíonn á reáchtáil gach bliain ag Glór na Móna. Ghlac achan duine béile leo le roinnt le daoine eile agus is leathán an réimse bia a bhí ann, curaithe, arán baile agus ceibeabanna veigeánacha fiú.

Thug Meon Eile cuairt ar an lón áit ar labhair muid le Nuala Ní Scolláin, a rinne cuid mhaith den bhia, faoin tábhacht a bhaineann le bia gan feoil a ithe agus triail a bhaint as bia nua chomh maith. 

Labhair muid le Laochra Mac Iomaire fosta faoin sprioc atá ag Féile na Carraige airgead a bhailliú do mhuintir na Palaistíne faoi láthair agus an neart atá ag daoine sa phobal difear a dhéanamh sa domhan ach teacht le chéile.

Close
Close