Gaelscoil Bharra ar cuairt i mBéal Feirste

Chuaigh Gaelscoil Bharra ar thuras ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste le déanaí agus chaith siad an lá le Gaelscoil na Móna. D'eagraigh príomhoidí an dá scoil an turas ionas go bhféadfadh na páistí bualadh le chéile, a bheith ag gradh agus a aithint nach bhfuil scoileanna sa Tuaisceart agus sa Deisceart ródhifriúil óna chéile.

 Bhuail an dá scoil le chéile i nGaelscoil na Móna, áit a raibh bricfeasta acu, ansin chuaigh siad go Gort na Móna, áit ar labhair Pádraig Mac Cathail leo faoi stair an cheantair agus an chumainn CLG. Bhí seisiún ceoil acu agus dimir siad ar an pháirc. Ansin bhí turas timpeall Halla na Cathrach acu leis an chomhairleoir áitiúil Michael Donnelly sula ndeachaigh siad abhaile. Tá sé beartaithe ag an dá scoil go dtabharfaidh Gaelscoil na Móna cuairt ar Bhaile Átha Cliath tar éis bhriseadh an tsamhraidh.

Thug Meon Eile cuairt ar pháirceanna Ghort na Móna, áit ar labhair muid leis an bheirt phríomhoidí, Caireann Uí Mhuireagáin ó Ghaelscoil na Móna agus Seán Ó Donaille ó Ghaelscoil Bharra a d'oibrigh le chéile 35 bliain ó shin i nGaelscoil na bhFál. Labhair an bheirt acu faoin tábhacht a bhaineann le turas mar seo, áit ar féidir leis na páistí aithne a chur ar a chéile. 

Close
Close