Féile na Carraige 2023 faoi lán seoil

Tá Féile na Carraige 2023 faoi lán seoil agus clár siamsiúil spreagúil curtha le chéile ag foireann Ghlór na Móna agus a gcomhpháirithe i mbliana, agus mana na féile 'Páirteachas, Polaitíocht, Pobal' sáite in achan uile imeacht. 

D'fhreastail Meon Eile ar sheoladh na Féile Dé hAoine seo caite i nGael-Ionad Mhic Goill, Ionad Pobail de chuid Ghlór na Móna, áit a raibh an tArdmhéara Ryan Murphy i láthair. Labhair muid le Eoghan Ó Garmaile, Oifigeach Tionscadail Pobail Ghlór na Móna agus le Róisín Nic Liam, Iníon léinn PhD le Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Banríona.

Críochnóidh an Fhéile ar an Satharn beag seo le 'Gig na Féile' i nGort na Móna CLG, oíche lán de chraic agus spraoi - leis na grúpaí úra Gaeilge 'Na Shan Vans' agus 'Torby', Niamh Nic Ionnrachtaigh agus amhránaithe traidisiúnta as Ard Mhacha Theas, Bláithín Mhic Cana agus Piarás Ó Lorcáin. 

Is féidir clár na Féile a fheiceáil anseo agus coinneáil suas le gach rud ón Fhéile ar chuntais meán sóisialta Ghlór na Móna. 

Close
Close