Féile Ghaeltacht Thír Eoghain 2023

Cuireadh an 12ú leagan d’Fhéile Ghaeltacht Thír Eoghain ar siúl ar na mallaibh i gCabhán an Chaorthainn.

Cúrsa teanga trí lá a bhí i gceist, lonnaithe in Institiúid Ceannasaíochta na hÉireann ar an sráidbhaile. Bhí idir bhunrang, mheánrang agus ard-rang ar siúl agus bhí sosanna tae curtha ar fáil do na daltaí agus do na múinteoirí, rud a thug neart deiseanna do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh lena chéile i dtimpeallacht réchúiseach.

D’fhreastail Meon Eile ar an chéad lá den Fhéile chun blaiseadh beag a fháil de. Labhair muid leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge de chuid Chomhairle Ceantair Lár-Uladh, Seán Antón Ó Connalláin. Is é Comhairle Ceantair Lár-Uladh príomhmhaoinitheoirí na Féile agus mar sin bhí Seán ann chun tacaíocht a thabhairt lena linn. Labhair muid fosta le múinteoir an ard-ranga le dhá bhliain déag anuas, Malachy Mac Con Mí.

Close
Close