Dorn San Aer: Comóradh agus ceiliúradh ar an Ghael agus craoltóir aitheanta, Rónán Mac Aodha Bhuí

Cuireadh imeacht speisialta ar siúl ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste chun ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar chara mhór de chuid na nGael agus craoltóir aitheanta ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodha Bhuí, a fuair bás i mí Mheán an Fhómhair 2023.

Bheartaigh foireann Chonradh na Gaeilge múrphictiúr a shocrú le cuimhne agus oidhreacht Rónáin a choinneáil beo ar bhealach cumhachtach, i gceantar ina raibh tionchar ollmhór aige ar mhuintir na háite. Agus iad ag bailiú airgid chun an mhúrphictiúr a mhaoiniú, tháinig pobal na Gaeilge ó timpeall na tíre chun tosaigh le híoc as an togra as a bpócaí féin, rud a léiríonn an grá agus an meas a bhí ag daoine ar an fhear speisialta.

Seoladh an múrphictiúir galánta díreach taobh amuigh den ionad, agus "Dorn San Aer do na Gaeil" scríofa air. Ag tús an imeachta, bhailigh scaifte taobh amuigh le héisteacht le ceol ó chuid de sheanchairde Rónáin: Caoimhín Mac Giolla Catháin ón bhanna ceoil 'Bréag', Seán Mac Corraidh, Caoimhe 'Ceol' Ní Chathail agus Gráinne Holland. Is é an dlúthchara de chuid Rónáin, Seán ‘John Boy’ Ó Muireagáin,  a bhí mar fhear an tí. Labhair iníon Rónáin, Fionnuala, ag seoladh an mhúrphictiúir chomh maith.

Is é a dúirt Seán ar an lá:

"Thógfadh sé do chroí go díreach le bheith anseo agus le feiceáil an scaifte seo uilig anseo mar gheall ar an ghrá atá acu, agus atá agaibhse, do Rónán Mac Aodha Bhuí, agus an grá a bheas againn dó go deo."

Bhí craoladh beo speisialta ann de ‘Bladhaire’, clár Áine Ní Bhreisleáin ar RTÉ RnaG, sa Chultúrlann ina dhiaidh sin. Tugadh an deis do neart cairde le Rónán ón Sé Chontae labhairt le hÁine agus í ag craoladh beo óna 3 dtí 5i.n., chomh maith le bannaí ceoil a bhí fud fad na tíre leis. Thug Rónán ardán daofa agus bhí an grá agus an meas a bhí ag na daoine seo uilig air le mothú ar an lá.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le hÁine Ní Bhreisleáin, le Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Tiarnaigh, agus le Caoimhín Mac Giolla Catháin ón bhanna ceoil 'Bréag'. 

Dorn san aer agus croí mór isteach do laoch ár linne, Rónán Mac Aodha Bhuí (1970 - 2023), fear a d'fhág oidhreacht agus tionchar cumhachtach orainn go léir. Ní dhéanfaidh muid dearmad air choíche.

Close
Close