Cumann Sóisialta Bhaile Andarsan: an teach tábhairne is fearr in Iarthar Bhéal Feirst

Gach bliain, vótálann cónaitheoirí Bhéal Feirste do na gradaim 'Best of the West' a bhíonn á reáchtáil ag an Belfast Media Group. Bronntar an duais ar ghnólachtaí agus ar chomhlachtaí áitiúla in Iarthar Bhéal Feirste a chuireann seirbhís ar leith ar fáil dá gcustaiméirí.

Ceann de na gradaim is mó ná an teach tábhairne is fearr agus i mbliana ba é Cumann Sóisialta Bhaile Andarsan a bhuaigh. Lonnaithe díreach in aice le Bóthar Bhaile Andarsan, le ceol beo, seomra púl, tolglann agus gairdín beorach, is léir cén fáth ar tugadh an vótá dó don teach tábhairne is fearr in Iarthair Bhéal Feirste.

Thug Meon Eile cuairt ar an teach tábhairne agus labhair muid le Grace Ní Shéanáin faoin fhás agus faoin fhorbairt atá tagtha ar an bheár thar na blianta. Labhair sí faoin mhéid atá ar fáil sa teach tábhairne agus faoi na spriocanna atá acu don todhchaí.

Teigh anseo le tuilleadh eolais a fháil.

Close
Close