Moltaí le teacht slán as cúrsa Gaeltachta

Ag an tráth seo den bhliain bíonn na céadta scoláire Gaeilge ag déanamh ar limistéir Ghaeltachta na tíre.

Beidh cuid mhaith acu siúd ag tarraingt ar na coláistí samhraidh seo den chéad uair riamh ina saol agus iad lán de mhothúcháin eagsúla idir fhaitíos, scleondar agus sceitimíní. 

Cad é a shílfidh siad den cheantar?

Cad é faoi mhná na dtithe agus an bia a bheas ar fáil?

Cad é mar a bheas sé ag roinnt tí agus seomra le daoine eile?

An mbeidh grá dílis acu don Ghaeilge agus iad ag dul abhaile arís i ndiaidh an chúrsa?

An ndéanfar cleamhnas?

Níl amhras ar bith ann gur deasghnáth aistrithe saoil é an cúrsa Gaeltachta do dhéagóirí óga na hÉireann. 

Is eispéireas é an cúrsa samhraidh a bhfuil taithí go leor ag Pádraig Ó Tiarnaigh agus Michaeline Donnelly air.

D’iarr Meon Eile orthu labhairt ar na moltaí atá acusan le teacht fríd chúrsa Gaeltachta.

Close
Close