Togra na mbailte fearainn ar an Domhnach Mór

Tá togra bailte fearainn ar bun ag cumann CLG Naomh Pádraig ar an Domhnach Mór i dTír Eoghain.

Tá an club ag iarraidh go mbeidh muintir na háite ar an eolas faoi stair agus oidhreacht an pharóiste agus is modh iontach chuige sin iad na bailte fearainn.

Labhair muid le Seán Antón Ó Conalláin a bhain Máistreacht san Aistriúchán amach ó Ollscoil Uladh i mbliana agus tá i mbun oibre ar an togra.

Luaigh Seán go bhfuair an coiste spreagadh ó Linda Irvine agus ó na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an eagras Turas in Oirthear Bhéal Feirste an Ghaeilge a chur chun cinn ann sin.

D’iarr an coiste ar an phobal áitiúil pictiúir de bhailte fearainn s’acu a sheoladh isteach chuig an chlub CLG agus ansin bhí an coiste in ann aistriúchán a dhéanamh ar na hainmneacha agus iad a chur suas ar na meáin shóisialta. Bhí rath mór air sin agus tá an togra go fóill ag dul ar aghaidh.

Tá an club cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Donncha agus tá siad ag súil le bonn cré-umha a bhaint amach i mbliana.

Tá Seán dóchasach faoi thodhchaí na teanga sa chlub agus go bhfuil sí á cothú i measc na n-imreoirí agus an lucht tacaíochta araon. Dúirt sé go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith eolach ar stair do cheantair féin, agus, leis an eolas níos doimhne sin, cothaítear níos mó tuigbheála agus measa ar an teanga. Tá Seán ag súil go gcothóidh an togra áirithe seo níos mó suime sa teanga agus go léireoidh sé do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge ann, go raibh sí ann i bhfad romhainn, agus go mbeidh sí ann i bhfad inár ndiaidh.

Close
Close