Ceiliúradh: deireadh a n-aistir bliana bainte amach ag daltaí ranganna na Cultúrlainne

Eagraíodh oíche ar leith do na daltaí go léir ó na ranganna Gaeilge i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar na mallaibh agus iad ag críochnú a gcuid cúrsaí don bhliain.

Cuireadh daoine faoi scrúdú don teastas ‘Cúpla Focal’, don fháinne airgid agus don fháinne óir, ach ar a bharr sin bhí ceol bríomhar le cluinstin ó cheoltóirí áitiúla agus bia den scoth ó Bhialann Loch Lao sa Chultúrlann féin.

Ócáid ghalánta a bhí ann agus bhí bród agus áthas le mothú i measc na ndaltaí ar fad agus iad críochnaithe leis an téarma seo roimh shos an tsamhraidh. Is iontach an pobal a chruthaítear ó scéim mar seo agus is meabhrúchán é go bhfuil an Ghaeilge ann do gach duine ó gach cúlra, agus nach bhfuil sé riamh rómhall le haistear s’agat a thosnú le teanga ar bith.

Close
Close