'Bata an Dóchas' ar camchuairt ó thuaidh

Chuir Mike McCarthy agus Steve Philip tús leis an fheachtas 'Bata an Dóchais', nó an 'Baton of Hope', chun feasacht a ardú maidir leis an fhéinmharú. Thug siad an Bata go 12 chathair sa Ríocht Aontaithe agus d'iompair daoine áitiúla a ndeachaigh an féinmharú i bhfeidhm orthu an Bata. Is é an aidhm atá acu ná deireadh iomlán a chur leis an fhéinmharú.

Le déanaí thug siad cuairt ar an Ghrúpa Feasachta agus Tacaíochta maidir leis an Fhéinbhás ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Iompraíodh an Bata uaidh sin go dtí Ionad na mBan ar Bhóthar na Seanchille. 

Tá ráta féinmharaithe i dTuaisceart na hÉireann níos airde ná mar atá sa Deisceart ná sa Bhreatain, agus is í Béal Feirste an chathair is mó atá buailte leis an fhadhb.

D'fhreastail Meon Eile ar an ócáid agus labhair muid le Robert McClenaghan ó Chumann Áitritheoirí na bhFál a oibríonn go dlúth leis an Ghrúpa Feasachta agus Tacaíochta. Bhí Margaret Walker, bainisteoir an Ghrúpa Feasachta agus Tacaíochta ann fosta lena tuairimí a thabhairt dúinn.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Bhata an Dóchas anseo.

Má tá tú féin ag streachailt le cúrsaí meabhairshláinte nó más mian leat labhairt le duine éigin, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ghrúpa Feasachta agus Tacaíochta maidir leis an Fhéinbhás ar an uimhir 028 9023 9967.

Close
Close