Infheistíocht £500k do Ghlór na Móna

Tugadh infheistíocht £500,000 do Ghlór na Móna le déanaí a rachaidh i dtreo na bpleananna atá leagtha amach acu le leathnú a dhéanamh ar an fhoirgneamh atá acu faoi láthair.

Cosnóidh an obair thógála £3 mhilliún san iomlán agus is in dhá chéim a thabharfar faoi. Úsáidfear an chéad chuid £1.8 milliún chun leis an fhoirgneamh atá ann cheana féin ag Gael-Ionad Mhic Goill. Cosnóidh an dara cuid £1.2 milliún agus cuirfidh sé caifé, áit amuigh faoin aer agus níos mó spáis ar fáil don Ionad. Tá Glór na Móna ag súil go gcuideoidh an £500,000 seo leo tuilleadh infheistíochta a mhealladh chomh maith.

Faoi láthair níl foirgneamh an Ghael-Ionaid mór go leor do na seirbhísí ar fad a chuireann Glór na Móna ar fáil agus tá dhá bhothán á n-úsáid mar sheomraí ranga. 

Thug Meon Eile cuairt ar ionad Ghlór na Móna in Iarthar Bhéal Feirste áit ar labhair muid leis an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh agus leis an chomhairleoir áitiúil de chuid Shinn Féin, Róis-Máire Donnelly, a bhí an-tógtha le todhchaí Ghlór na Móna agus an tionchar dearfach a bheidh ag an fhoirgneamh nua ar phobal na háite.

Close
Close