Taighde nua seolta ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Sheol Comhairle na Gaelscolaíochta dhá phíosa taighde faoin Ghaeloideachas ar na mallaibh: ceann amháin ón Lárionad Taighde ar Oideachas Teanga in Ollscoil na Ríona agus ceann eile leis an Dr Gearóid Ó Domagáin ó Ollscoil Uladh.

Is ar na bealaí a múintear an teanga agus ar na teicnící is féidir a chur i bhfeidhm chun an teagasc a fheabhsú a dhírigh an taighde.

Bhí príomhoidí na nGaelscoileanna ar fad ó thuaidh i láthair ag an seoladh, a bhí ar cheann den bheagán deiseanna a fhaigheann siad teacht le chéile chun ceisteanna a phlé ar an aon láthair amháir.

Bhí Meon Eile ag an ócáid agus labhair muid le Ciarán Catney agus Orla Nig Fhearraigh ó Chomhairle na Gaelscolaíochta faoin lá spreagúil. Labhair muid fosta leis an Dr Gearóid Ó Domagáin faoin taighde a rinne sé agus le Fiachra Ó Donghaile, príomhoide Ghaelscoil na Daróige i nDoire faoin tionchar a bheas ag an taighde ar na Gaelscoileanna.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close