Siompóisiam Taighde seolta i gCnoc an Anfa le Comhairle na Gaelscolaíochta

D’eagraigh agus choimisiúnaigh Comhairle na Gaelscolaíochta Siompóisiam Taighde ar na mallaibh sa Ghailearaí Fada i gCnoc an Anfa le plé a dhéanamh ar thuairisc a rinne Ollscoil na Banríona darb ainm ‘Fair? Shared? Supported? Examining the Expectations and Realities for Irish-medium practitioners’.

I measc na ndaoine a d’fhreastail air bhí cleachtóirí ó earnáil na Gaelscolaíochta, baill foirne na n-eagraíochtaí oideachasúla áitiúla agus ionadaithe polaitiúla áitiúla ó pháirtithe éagsúla.

Thug Meon Eile cuairt ar an imeacht agus labhair muid le cuid de na daoine a bhí i láthair ar an lá. Labhair Ciarán McCatney, Oifigeach Sinsearach ‘Fair Start ’le Comhairle na Gaelscolaíochta, faoi bhunús an taighde seo agus faoin dóigh a rachaidh sé i bhfeidhm ar na dúshláin a bhíonn ann in earnáil na Gaelscolaíochta. Labhair muid fosta le Ciarán Mac Ailín, Príomhoide Ghaelscoil an Lonnáin, faoin taithí laethúil atá aige mar chleachtóir san earnáil agus leis an Dr Aisling O’Boyle faoi cé chomh tábhachtach is a bheidh sé anois an taighde seo a úsáid agus plean gníomhaíochta a chur i bhfeidhm sna gaelscoileanna, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann leis na teangacha do pháistí scoile.

Ag caint ar cé chomh rathúil is a bhí an t-imeacht suntasach seo, dúirt Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach Comhairle na Gaelscolaíochta :

‘Tá me dóchasach, anois go bhfuil na dúshláin agus fuascailtí a bhaineann le gnéithe ar leith den Ghaelscolaíocht pléite go poiblí agus os comhair ár n-ionadaithe áitiúla, go bhfeicfidh muid gníomhartha praiticiúla curtha i bhfeidhm gan mhoill, a bheidh le leas na hearnála ar fad. Tá cruinnithe iarrtha againn leis an Aire úr Oideachais agus leis an Aire úr Geilleagair leis na ceisteanna tábhachtacha seo a chíoradh. Tá sé thar am go gcuirfear an infheistíocht chuí ar fáil d’earnáil na Gaelscolaíochta le go dtig tabhairt faoi na dúshláin seo ar bhonn stráitéiseach. ’

Is féidir teacht ar achoimre feidhmiúcháin ar an Tuarascáil Taighde agus ar an téacs iomlán anseo.

Close
Close