Seó gan Stró – Dráma scoile in aon lá amháin

Is grúpa aisteoirí é Smidiríní Theatre Company a thugann cuairt ar Ghaelscoileanna le dráma a dhéanamh leis na páistí in aon lá amháin. Tosaíonn siad amach le cluichí agus ceardlanna ar maidin sula dtugann siad scripteanna agus róil do na páistí. Ansin i rith an lae bíonn siad ag cleachtadh, ag foghlaim damhsaí agus amhrán, agus tar éis thart ar chúig uair an chloig, cuireann siad an seó ar siúl don scoil ar fad.

Is é Smidiríní Theatre Company an t-aon ghrúpa a chuireann seirbhís den chineál seo ar fáil trí Ghaeilge.

Bhuail Meon Eile le Suzanne Waring, stiúrthóir an chompántais, i mBunscoil an tSleibhe Dhuibh le labhairt faoin mhéid a spreag í chun an comhlacht amharclannaíochta a thosú agus an tábhacht a bhaineann leis na healaíona do pháistí. Labhair sí fosta faoi na pleananna atá acu an compántas a thabhairt ar camchuairt timpeall an Tuaiscirt.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close