Seachtain na Frithbhulaíochta ag Scoil na Fuiseoige

Seachtain na Frithbhulaíochta atá ann an tseachtain seo agus tá lear mór scoileanna ag glacadh páirt ann. Is feachtas é a eagraíonn an ‘Anti-Bullying Alliance’ i Sasana, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann go bliantúil. Mar chuid de, bíonn ‘Lá na Stocaí Corra’ ann ina gcaitheann páistí scoile stocaí difriúla lena léiriú go bhfuil muid uilig éagsúla mar dhaoine, ach mar an gcéanna fosta.

Thug Meon Eile cuairt ar Scoil na Fuiseoige i gCill Uaighe in iarthar Bhéal Feirste le níos mó a fháil amach faoin dóigh a eagraítear Seachtain na Frithbhulaíochta i measc na mbunscoileanna. Labhair muid leis an phríomhoide, Caoimhín Williamson, agus leis an mhúinteoir, Christine Mhic Colaim, faoi na rudaí a bhíonn ar bun acu le linn na seachtaine seo agus faoin mhéid a dhéanann siad le go mothaíonn daltaí s’acu sábhailte ar scoil agus páirteach sa súgradh taobh amuigh.

Bhí an deis againn fosta cluinstin ó chuid na de páistí faoi na himeachtaí atá siad a déanamh sa rang, sin agus dreas comharthaí Makaton a fheiceáil ó na páistí sa Seomra Cumarsáide.

Close
Close