Lainseáil Acadamh na nÓg

Tá acadamh obair óige úrnua seolta ag an eagraíocht ionadaíochta, Fóram na nÓg, don earnáil óige Gaeilge.

Beidh 'Acadamh na nÓg' dírithe ar fhorbairt scileanna daoine óga agus oibrithe óige trí réimse leathan cáilíochtaí, taithí oibre agus deiseanna taighde a chur ar fáil timpeall na tíre.

D'fhreastail Meon Eile ar lainseáil oifigiúil an togra úir i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ba í Arlene Kee, leas-stiúrthóir sheirbhísí óige an Údaráis Oideachais, eochairchainteoir na lainseála. Labhair roinnt ban eile ag an ócáid chomh maith; stiúrthóir Fóram na nÓg, Orliath Mhic Leannáin, Oifigeach Traenála Fóram na nÓg, Carlaí Chaomhánach agus Oibrí Óige de chuid Glór na Móna, Emma Ní Bhaoil.

Labhair Meon Eile le Carlaí chomh maith le Oifigeach Oideachais Fóram na nÓg, Conchuir Mac Siacais chun tuilleadh a fhoghlaim faoin togra úr.

Tá Acadamh na nÓg beo anois agus más suim leat a bheith páirteach, is féidir teagmháil a dhéanamh le Fóram na nÓg ar na meáin shóisialta.

Close
Close