Lá Idirnáisiúnta an Oideachais le Bunscoil Mhic Reachtain

D’fhógair Tionól na Náisiún Aontaithe sa bhliain 2018 go mbeadh an 24ú Eanair á cheiliúradh achan bhliain mar Lá Idirnáisiúnta an Oideachais. I mbliana is é an téama atá rognaithe acu ná ‘Foghlaim ar son Síocháin Bhuan’. Tá sé mar aidhm ag an togra tuiscint agus meas a chur chun cinn i measc scoláirí ar fud an domhain tríd an oideachas.

Thug Meon Eile cuairt ar Bhunscoil Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste chun Lá Idirnáisiúnta an Oideachais a cheiliúradh, áit a raibh na daltaí ag déanamh rang Sínise. De réir Phríomhoide na scoile, an Dr Séamas Ó Donnghaile, tá sé fíorthábhachtach cultúir eile a thaispeáint agus a theagasc do dhaltaí scoile s’acu le go leanfaidh siad ar aghaidh ón scoil le tuiscint leathán ar an domhan agus ar na daoine eagsúla thart orthu.

Thig leat níos mó a léamh faoi Lá Idirnáisiúnta an Oideachais anseo

Close
Close