Lá Eolais ar Ghairmeacha le Gaeilge

Bhí Cnoc Uí Néill i nDún Geanainn, Contae Thír Eoghain lán go dorais ar na mallaibh do Lá Eolais ar Ghairmeacha le Gaeilge, eagraithe ag Comhairle Ceantair Lár Uladh.

Dfhreastail níos mó ná 100 scoláire Bliain 9 ó dhá scoil áitiúla ar an imeacht; Scoil Iósaef, Dún Geanainn agus Scoil Naomh Pádraig, Oileán an Ghuail.

Rinneadh roinnt óráidí suimiúla os comhair na scoláirí. Labhair aoichainteoirí a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ó lá go lá, ina measc bhí Mark Harte le hOllscoil na Banríona i mBéal Feirste agus Karen Kirby le BBC Gaeilge. Bhí deis ag na scoláirí ceisteanna a chur ar na hionadaithe éagsúla a bhí i láthair le níos mó eolais a fháil ar ghairmeacha Gaeilge.

I measc na n-eagraíochtaí a ghlac páirt san imeacht, bhí Comhairle na Gaelscolaíochta, Cumann na bhFiann, Léim an tSionnaigh, An Carn, agus Gael Linn.

Thug Meon Eile cuairt ar an imeacht chun labhairt leis na scoláirí agus ionadaithe an imeachta. Phléigh Deirde Versani, atá mar chuid de Chomairle Ceantair Lár Uladh, na spriocanna a bhí acu ar an lá chun suim a spreagadh sna daoine óga Gaeilge a roghnú mar ábhar TGM. Dúirt Séamas Mac Eochaidh go raibh freagra iontach ó na daltaí a dfhreastail ar an lá. Labhair Meon Eile le cuid de na scoláirí iontacha faoinar fhoghlaim siad ón lá eolais fosta.

Close
Close