‘Gaeilge sa Rang’ seolta ag CLG Uladh agus Gael Linn

Bhailigh ionadaithe ó bhunscoileanna in earnáil an Bhéarla le chéile ar na mallaibh chun an togra ‘Gaeilge sa Rang’ a sheoladh in Ionad CLG Thír Eoghain i nGarbhachadh, Contae Thír Eoghain.

20 ceacht Gaeilge do mhúinteorí bunscoile in earnáil an Bhéarla i gCúige Uladh atá in ‘Gaeilge sa Rang’. Thosaigh an scéim le CLG Thír Eoghain sa bhliain 2019 agus d’fhorbair sé go mór idir na bunscoileanna áitiúla ó shin. I ndiaidh tamaill, d’aithin Gael Linn an scéim ar leith seo agus thosaigh siad ag obair le CLG Uladh agus CLG Thír Eoghain chun na haiseanna seo a leathnú amach ar fad na cúige.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh agus labhair muid le Séamas Mac Eochaidh ó Ghael Linn faoin éileamh atá ann in earnáil an Bhéarla chun an Ghaeilge a thabhairt isteach do shaol laethúil na scoileanna.

Labhair muid le Niamh McElduff ó CLG Uladh a bhí ag obair go dlúth le Séamas faoin fhreagracht atá ar an CLG an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chosaint agus a fhorbairt i measc an phobail. D’inis Risteard Mac Daibhéid ó CLG Thír Eoghain faoin bhunsmaoineadh a bhí acu nuair a thosaigh an scéim ar dtús agus an áit a bhfuil sé inniu.

Beidh na háiseanna seo ar fáil ar shuíomh idirlín CLG Uladh go luath.

Close
Close