Gaeilge24 i gColáiste Chaitríona, Ard Mhacha

Cuireadh Gaeilge24 ar siúl arís i mbliana, ócáid bhliantúil de chuid Chonradh na Gaeilge ar an 14 Samhain timpeall na tíre a spreagann daoine chun an Ghaeilge a labhairt don lá ar fad, faoi choinne 24 uair an chloig.

Is meánscoileanna go háirithe a ghlacann páirt sa lá agus tá Coláiste Chaitríona in Ard Mhacha ar cheann de na scoileanna sin. D'fhreastail Meon Eile ar an lá sultmhar spreagúil seo - i measc na n-imeachtaí a cuireadh ar siúl bhí biongó, tráth na gceist, cluichí ar nós 'Bog má tá...' agus 'Deir Ó Gradaigh', chomh maith le quiz Chonradh na Gaeilge ar líne.

Daltaí ó bhliain 13 agus bliain 14 i gCoiste na Gaeilge a bhí ag stiúradh na ngíomhaíochtaí seo i Sruth na Gaeilge sa scoil. Lá den scoth a bhí ann agus bhí daltaí ón scoil Bhéarla a dhéanann staidéar ar an Ghaeilge páirteach sna himeachtaí chomh maith.

Labhair Meon Ele leis an Mháistir Ó Ruanaidh agus le Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Bailey, agus le Rúnaí an Choiste, Áine.

Close
Close