Comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann an Tuaiscirt 2024

An 156ú bliain de Chomhdháil Chumann Múinteoirí Éireann an Tuaiscirt a bhí ann san Óstán Europa i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Ba é téama na comhdhála ná 'Stronger Together' nó 'Ní Neart Go Cur Le Chéile’. Roghnaíodh an téama de thairbhe chomhoibriú na gceardchumann uile ar an lá gníomhaíochta ar an 18 Eanáir, a raibh baint láidir ag ceardchumann na múinteoirí leis.

Is ócáid bhliantúil í an chomhdháil, áit a gcruinníonn múinteoirí agus oideoirí as fud fad an Tuaiscirt le chéile chun plé a dhéanamh ar na saincheisteanna is mó a bhaineann leis an chóras oideachais faoi láthair. Bhí níos mó ná 230 toscaire i láthair ag an chomhdháil i mbliana agus neart plé agus cinntí déanta acu.

Is iad na saincheisteanna is mó atá ag múinteoirí faoi láthair ná cúrsaí pá agus na coinníollacha a bhfuil múinteoirí ag obair fúthu. Coinníollacha oibre is cúis leis an ghníomhaíocht thionsclaíoch a bhí ar bun ag Cumann Múinteoirí Éireann le timpeall trí bliana anuas, chomh maith leis an lá mhór gníomhaíochta a bhí ann i mí Eanáir.

Tá líon na ndaltaí in aghaidh ranga ag dul i méid i rith ama agus tá páipéarachas na múinteoirí ag carnadh bliain i ndiaidh bliana. Ní sholáthraítear an tacaíocht chuí le haghaidh seirbhísí speisialta, gan trácht a dhéanamh ar scoileanna atá ag streachailt ó thaobh airgid de go ginearálta. Cé go bhfuil na coinníollacha oibre ag dul chun donais le tamall anois, níor tháinig ardú ar bith ar phá na múinteoirí i dTuaisceart Éireann. Tá an tuarastal múinteora i dTuaisceart Éireann ar an tuarastal is ísle i measc thíortha na Ríochta Aontaithe agus deisceart na hÉireann.

Tá an-obair le déanamh ag an rialtas chun an córas oideachais a fheabhsú do mhúinteoirí agus do dhaltaí scoile amach anseo.

Bhí an deis ag Meon Eile a bheith ag labhairt le roinnt daoine ar an chéad lá den chomhdháil - Uachtarán Chumann Múinteoirí Éireann, Dorothy Nic Fionnghaile; Cathaoirleach Choiste an Tuaiscirt, Caoimhín Mac Colaim; an Príomhoide Mark Murtagh, agus an tAire Oideachais, Paul Givan.

Close
Close