Blaiseadh den Ghaeilge agus den Araibis le Glór na Móna agus PPR

Cuireadh an dara ceardlann Ghaeilge agus Araibise ar siúl i nGael-Ionad Mhic Goill i mBéal Feirste ar na mallaibh agus imeacht cairdiúil réchúiseach spreagúil a bhí ann. Ba dheis iontach é eolas a chur ar an dá theanga agus cúpla focal a fhoghlaim. 

Chuir an grúpa feachtasaíochta de chuid PPR, Kind Economy, lón galánta ar fáil, rud a thug deis comhrá do dhaoine roimh an cheardlann. Rinneadh plé fosta ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí idir an dá theanga ó thaobh cúrsaí staire agus polaitíochta de chomh maith le gnéithe teanga.

Bhí Meon Eile i láthair ag an cheardlann agus labhair muid le hEoghan Ó Garmaile, Oifigeach Tionscadail Pobail Ghlór na Móna, agus le Twasul Muhammed, eagraí le PPR agus Anaka Women's Collective.

Close
Close