Taighde ar an Ghaeilge curtha os comhair an phobail i nGael-Ionad Mhic Goill

Mar chuid d'Fhéile na nEolaíochtaí Sóisialta 2023, tháinig grúpa mac léinn ó Ollscoil na Ríona le chéile chun na hábhair a bhí faoi thaighde acu mar chuid dá gcéim a phlé agus a chur i láthair don phobal. Is i nGael-Ionad Mhic Goill ar Bhóthar na Carraige Báine i mBéal Feirste a reáchtáladh an t-imeacht spéisiúil.

Labhair muid leis an Dr Orla Nig Oirc a d'eagraigh an ócáid agus le Róisín Nic Liam atá ag críochnú a dochtúireachta faoi láthair ar shaol na Gaeilge i mBéal Feirste i ndiaidh chomhaontú Aoine an Chéasta. Labhair muid fosta le Malachy Ó Donnghaile a labhair faoina chuid taighde maidir le Google Translate.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close