Agóid mhór ar an teorainn i gcoinne Brexit

Tá an Breatimeacht ag teannadh linn agus níl réiteach ar bith ann fós ann.

Gan amhras, is iad na bailte ar an teorainn féin is mó atá buartha faoina bhfuil i ndán dá gceantair.

Mar thaispeántas air sin, tháinig na céadta amach Dé Sathairn seo a chuaigh thart lena ndiongbháilteacht i gcoinne Brexit a léiriú in agóid a d'eagraigh 'Border Communities Against Brexit'.

Labhair Meon Eile le cuid acu siúd a bhí i láthair ar an teorainn idir Co. Ard Mhacha agus Co. Lú agus iad imníoch faoin todhchaí atá rompu...


Close
Close