Ócáid tae i gcuimhne ar Natalie McNally agus Hollie Thomson

Beidh Becky Nic Ainmhire ag rith Mharatón Bhaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fomhair i gcuimhne ar a col ceathrair, Natalie McNally, agus cara teaghlaigh, Hollie Thomson, a fuair bás go tragóideach anuraidh. Is ar mhaithe le Women’s Aid Ireland a bheidh sí ag rith agus ar na mallaibh chun clann s’aici ócáid tae ar siúl chun airgead a bhailiú don charthanacht.

Bhailigh an pobal áitiúil thart ar an chlann don ócáid ar léith seo. Bhí ar Becky €1500 a bhailiú le bheith ar fhoireann na carthanachta agus, ar an dea-uair, bhí beagnach €2000 bailithe aici taobh istigh de sheachtain amháin idir na síntiúis ar line agus an t-airgead a tugadh ar an lá.

Labhair Meon Eile le Becky a dúirt go raibh sé mar aidhm leis an lá cuimhne Natalie agus Hollie a choinneáil beo ar dhóigh dhearfach. Tá Becky agus teaghlach uilig s’aici thar a bheith buíoch as an tacaíocht a fuair siad. Labhair muid fosta le Seán Burke, buachaill Becky, atá iontach bródúil asti agus a dúirt go bhfuil sé fíorthabhachtach go mbíonn a fhios ag mná achan áit go bhfuil cuidiú ann dóibh ó Women's Aid má bhíonn sé de dhíth orthu.

Beidh Becky ag tabhairt cuid de na síntúis do Women’s Aid i lár Uladh fosta le go mbeidh sí in ann cuidiú a thabhairt don phobal áitiúil.

Thig leat tacú le Becky anseo.

Close
Close